CIC Logo

An Fear Nach nDéanann Gáire (eBook / Ríomhleabhar)

By Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781909367883  |  Alt: 9781909367890

Seo é an leagan DIGITEACH den leabhar 'An Fear nach nDéanann Gáire'.

Is táirge digiteach é seo. Gheobhaidh tú nasc íoslódála ar ríomhphost nuair a cheannaíonn tú an táirge seo. Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost chun do leabhar a íoslódáil go dtí do ríomhaire, fón nó taibléad. Mura bhfeicfidh tú an r-phost sa mbosca isteach, seiceáil an fillteán 'spam' nó 'junk' le cinntiú nach ndeachaigh sé isteach ann. 

AIBREÁN 2020: Ba mhaith linn tacú le léitheoirí na Gaeilge atá sa mbaile faoi láthair agus chuige sin, beidh muid ag cur ríomhleabhar amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil saor in aisce tríd http://www.cic.ie ón 13ú Aibreán, 2020, go dtí go mbeidh deireadh leis an ngéarchéim.

Chomh maith leis sin, tá lascaine suas le 50% curtha ag Cló Iar-Chonnacht ar os cionn 50 ríomhleabhar atá ar fáil ónár siopa ar-líne http://www.cic.ie. Fógróidh muid an leabhar atá in aisce gach seachtain ar an mblag atá ar an suíomh seo. Cliceáil anseo le dul go dtí an blag, áit a mbeidh fógra gach seachtain leis an leabhar atá ar fáil in aisce an tseachtain sin. 

 

An Fear Nach nDéanann Gáire

Is beag gearrscéalaí eile Gaeilge is fearr ná é le céad bliain anuas.
- Gréagóir Ó Dúill, an tOireachtas

Scríbhneoir bisiúil nua-aimseartha traidisiúnta é Micheál ÓConghaile.
- Alan Titley

Tá an cnuasach seo ar ardchaighdeán tríd síos: dea-scríofa soléite ar bhealach a mhúsclaíonn fiosracht an léitheora, is cuma an ag dul i dtreo an tsaoil réalaíoch a bhíonn sé ag dul … nó ag imeacht uaidh.
- Seán Ó Cearúil, an tOireachtas

Aistear samhlaíochta atá sa saothar seo ó Mhicheál Ó Conghaile. Turas éirime atá ann a bhainfidh searradh as do chéadfaí agus a bhainfidh gáire asat scaití, beag beann ar theideal an chnuasaigh. Turas é atá dathannach agus dubh dorcha ar a sheal. Tabharfaidh sé ón stáisiún tréigthe traenach go dtí liombó na leathchoise thú; seolfaidh sé ó leaba chréúil na bhfocal adhlactha go barr talaimh i gConamara thú. Casfar canablaigh ort agus fir leathchoise; striapaigh na trócaire agus díoltóirí tí.

Cuireann an t-údar casadh súgánach i ngach scéal go bhfeictear snáth an duine leis an saol - agus lena chomhdhuine - ag dul in aimhréidh. Cloch ar chloch, leagann Micheál Ó Conghaile an claí teorann idir an réaltacht agus an draíocht ionas gur deacair ar deireadh iad a aithint óna chéile. Seoid líofa atá i ngach scéal agus cruthúnas arís eile atá sa chnuasach seo go bhfuil an fear stiúrach ina mháistir ar a cheird.

 

Praghas: €11.99 Praghas Anois: €10.15