CIC Logo

An Tearmann – Ríomhleabhar | eBook

By Alex Hijmans, Cois Life

Tagairt: 9781907494666 (Clúdach Bog), 9781784442163 (ePub), 9781784442170 (Mobi)  

RÍOMHLEABHAR | EBOOK 

Is táirge digiteach é seo. Nuair a cheannaíonn tú an leabhar seo faigheann tú ríomhphost agus nasc istigh ann chun an leabhar digiteach a íoslódáil. 

Má tá tú ag iarraidh an leagan clóite den leabhar seo faoi chlúdach bog, cliceáil anseo.

Téann Eoin Ó Síocháin, gníomhaí óg cearta daonna as Co. an Chláir, go dtí an Bhrasaíl chun taighde a dhéanamh ar choimhlint fhuilteach idir treibh bhundúchasach agus úinéirí talún. De réir mar a chuireann sé aithne ar mhuintir na háite tagann sé ar an tuiscint nach bhfuil an scéal chomh simplí agus a shíl sé ar dtús - ach faoin am sin, tá sé rómhall. Dá lomainneoin, beidh ról lárnach le himirt ag Eoin sa choimhlint nuair a thagann sí chun buaice. 

'Slogtar an léitheoir isteach sa scéal go dtí an nóiméad deireanach nuair a bhristear alltacht an deiridh orainn... Fáiltím roimh scéal Gaeilge atá suite ní hamháin chomh fada sin ó bhaile, sa Bhrasaíl, ach a dhéanann iarracht chomhfhiosach, iarracht a n-éiríonn thar barr léi, cás na háite a cheangal le cás na Gaeilge agus na hÉireann. Molaim an chaolchúis lena ndéantar sin, a léiríonn dainséar na soineantachta agus dainséar na comparáide éasca.'

- Máire Ní Annracháin, Ollamh le Teanga agus Litríochta na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. 

Praghas: €12.10