CIC Logo

Bás Tobann – Ríomhleabhar | eBook

By Anna Heussaff, Cois Life

Tagairt: 9781901176476  |  Alt: ePub (9781784442101), mobi (9781784442118)

Is leagan ríomhleabhair é seo, táirge digiteach atá ann. 

Aistríonn teaghlach ó Bhaile Átha Cliath go dtí teach ar chósta an iardheiscirt chun a saol a thosú as an nua agus gnó turasóireachta a bhunú i mBéarra. Músclaítear fiosracht na mná, Aoife, nuair a thagann sí trasna ar scéal tragóideach in ailt nuachtáin sa teach. Múinteoir óg sa cheantar a maraíodh tamall de bhlianta roimhe sin, nuair a thit sí le faill. Má thit.

Glacann scéal an nuachtáin seilbh ar Aoife diaidh ar ndiaidh, de réir mar a thagann cúiseanna amhrais is uafáis faoi chun solais. Ach tá contúirtí i ndán di agus í ag dul i ngleic leis an iniúchadh; agus i ngan fhios dá fear céile, Pat, tá bagairtí eile ag méadú ar a ngrá pósta.

Seo é an chéad úrscéal ag Anna Heussaff. Is as Baile Átha Cliath di. Tá taithí fhada aici mar scríbhneoir, mar thaighdeoir agus mar léiritheoir/stiúrthóir ar chláir raidió agus teilifíse.

Praghas: €16.34