CIC Logo

Beirt Bhan Mhisniúla (Ríomhleabhar)

By Pádraig Ó Siadhail, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781905560745  

Pádraic Ó Conaire, mórúdar de chuid nualitríocht na Gaeilge, agus beirt de na mná i mbeatha an Chonairigh (Caitlín Ní Aodha is Mary Morrison) na príomhphearsana san úrscéal seo. Saothar é Beirt Bhan Mhisniúla a ghluaiseann ó Mheiriceá Thuaidh go Londain go Baile Átha Cliath go Meiriceá siar arís sna blianta 1913-1928.

Blaisimid de shaol na nÉireannach is na Gaeilge sna blianta roimh 1916 i Londain, áit ar chuir Caitlín Ní Aodha, Ceanadach, aithne ar an Chonaireach, go ndearnadh leannáin díobh agus gur chreid Caitlín go bpósfaidís ... gur nocht an fhírinne shearbh gurbh fhealltóir é an Conaireach a raibh ceangal na gcúig gcaol air.

In úrscéal ina dtarraingítear ar théamaí móra i scríbhinní Uí Chonaire féin, an grá agus an feall, is ar chrann Mary Morrison a thiteann sé teacht i gcabhair ar an té a loic ar a cara, Caitlín, is le fáil amach an bhfuil buille sa bhéim fós sa Chonaireach mar fhear is mar scríbhneoir ...

Bhain Beirt Bhan Mhisniúla an duais d'Úrscéal - Ficsean Liteartha, maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge, i gcomórtais liteartha an Oireachtais 2010

*Formaidí: Nuair a cheannaíonn tú an ríomhleabhar seo faigheann tú an leagan  ePub, agus Mobi. 


Léígh sliocht as an leabhar

Praghas: €7.27 Praghas Anois: €3.57