CIC Logo

Ó Chósta go Cósta (Ríomhleabhar)

By Frank Reidy, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781905560400  

RÍOMHLEABHAR:  Seo é an leagan DIGITEACH den leabhar

Is táirge digiteach é seo. Gheobhaidh tú nasc íoslódála ar ríomhphost nuair a cheannaíonn tú an táirge seo. Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost chun do leabhar a íoslódáil go dtí do ríomhaire, fón nó taibléad. Mura bhfeicfidh tú an r-phost sa mbosca isteach, seiceáil an fillteán 'spam' nó 'junk' le cinntiú nach ndeachaigh sé isteach ann. 

Sladmhargadh ar ríomhleabhair i rith ghéarchéim Covid-19

Tá Cló Iar-Chonnacht ag cur ríomhleabhar amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil saor in aisce tríd http://www.cic.ie i rith ghéarchéim Covid-19 agus lascaine ar gach ríomhleabhar eile.

Gheobhaidh tú dhá rogha don íoslódáil 

1. ePub - feiliúnach do Apple Books agus léitheoirí ePub eile

2. Mobi - feiliúnach don léitheoir Kindle

 

RÍOMHLEABHAR:  Treoracha chun do ríomhleabhar a íoslódáil, saor in aisce

1. Cuir an leabhar i do chiseán

2. Seiceáil amach

3. Coinnigh súil amach don r-phost ó Chló Iar-Chonnacht agus nasc ann. Seiceáil an fillteán 'junk' nó 'spam' mura  bhfeicfidh tú sa mbosca isteach é. 

4. Cliceáil ar an nasc agus íoslódáil an leabhar go dtí d'fhón, taibléad nó ríomhaire agus sábháil é. 

Ó Chósta go Cósta

Buaiteoir Ghradam Uí Shuilleabháin 2010

Sa mbliain 1994 cuireadh an Ceannfort airm Frank Reidy go dtí oirthear na hAfraice. Bhí sé ina bhall de mhór-iarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as an líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe. Sa leabhar seo tugann an t-údar cuairt an athuair ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus anró gan stad gan staonadh.


Seolann an t-údar i ndabha timpeall chósta thoir na Céinia, tugann sé cuairt ar sheanmháthair Bharack Obama, agus ríomhann sé stair chasta, thragóideach na tíre. Tugann sé faoi safari i bpáirc náisiúnta an Maasai Mara. Tugann sé cuairt ar Uganda go bhfeice sé an chabhair a thugann Rialtas na hÉireann don tír sin. Agus filleann sé ar Ruanda go bhfeice sé mar atá ag éirí leo sna blianta tar éis an chinedhíothaithe. Leabhar taistil, leabhar staire, leabhar eolais, leabhar polaitíochta – leabhar nach mór do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige san Afraic sa lá atá inniu ann é a bheith ina sheilbh.

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €11.69 Praghas Anois: €7.38