CIC Logo

Ciarán Ó Fátharta - Amhráin (Ríomhleabhar)

By Síle Denvir, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781905560240  


Bailiúchán d'amhráin Chiaráin Uí Fháthartaatá anseo, 31 amhrán san iomlán chomh maith le hagallamh beirte amháin. Tá na hamhráin seo beo i mbéal an phobail le fada agus iad le cloisteáil go minic ar an raidió, á gcasadh ag ceoltóirí éagsúla, leithéidí John Beag Ó Flatharta, Beairtle Ó Domhnaill, Cillín, Duirling agus Ann Marie Nic Dhonncha, ach is é seo an chéad uair a bhfuil fáil ar leagan an scríbhneora de na hamhráin uilig in aon chnuasach amháin. Is in ochtóidí an chéid seo caite a tháinig borradh faoi na hamhráin nuachumtha den chinéal seo i gConamara den chéad uair agus thug siad ardú croí agus meanman do chách tráth a raibh eacnamaíocht na tíre i ndroch-chaoi. Déanann siad ceiliúradh ar thraidisiúin, ar phearsana agus ar imeachtaí áitiúla agus náisiúnta, mar shampla,traidisiún na badóireachta i gConamara, an dornálaí Seán Ó Mainnín agus drochstaid na mbóithre. Is meascán den stíl cheol tíre agus den stíl sean-nóis atá sna hamhráin seo, stíl a dtugtar Gaelcheol tíre air, atá an-láidir i gConamara go fóill.

Leagan den ríomhleabhar: Nuair a chuireann tú fios ar an ríomhleabhar seo faigheann tú an leagan ePub agus Mobi.

Na hAmhráin

1. Amhrán Mháirtín Beag Ó Gríofa
2. Amhrán Mhichelle Smith de Brún
3. Amhrán na Gaeilge
4. Amhrán na Gaillimhe
5. Amhrán na mBáid Mhóra
6. Amhrán Ráth Cairn
7. Amhráin Sheáin Uí Mhainnín
8. An Cosán
9. An Dioscó
10. An Seanfhear
11. An Séipéilín
12. An Stól
13. An Tuairisc
14. Bearáilte
15. Breandán
16. Brig St. John
17. Capaillín
18. Clár Joe
19. Cré na Cille
20. Cuimhneoidh Mise Ort
21. Dearcadh an tSaoil
22. Dífhostaíocht
23. Dílleachtín Bocht Ó
24. Eachtra
25. Exhaust Pipe
26. Londain
27. Maggie Thatcher
28. Na Laethanta Romham
29. Ráth Cairn Glas Gréine na Mí
30. Scriosta ag an Ól
31. Seáinín
32. Agallamh Beirte: Teilifís na Gaeltachta agus an OK Corral

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €7.27 Praghas Anois: €3.57