CIC Logo

Cré na Cille - bunleagan (Ríomhleabhar)

By Máirtín Ó Cadhain, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781905560493  

Seo é an leagan DIGITEACH den leabhar 


Is táirge digiteach é seo. Gheobhaidh tú nasc íoslódála ar ríomhphost nuair a cheannaíonn tú an táirge seo. Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost chun do leabhar a íoslódáil go dtí do ríomhaire, fón nó taibléad.

Tá dhá leagan den chomhad ar fáil, ePub (le haghaidh iBooks, iPad agus léitheoirí eile mar iad) agus Mobi (le haghaidh léitheoirí Kindle). Mura bhfeicfidh tú an r-phost sa mbosca isteach, seiceáil an fillteán 'spam' nó 'junk' le cinntiú nach ndeachaigh sé isteach ann. 

RÍOMHLEABHAR:   

1. Cuir an leabhar i do chiseán

2. Seiceáil amach 

3. Coinnigh súil amach don r-phost ó Chló Iar-Chonnacht agus nasc ann. Seiceáil an fillteán 'junk' nó 'spam' mura bhfeicfidh tú sa mbosca isteach é. 

4. Cliceáil ar an nasc agus íoslódáil an leabhar go dtí d'fhón, taibléad nó ríomhaire agus sábháil é. 

 

Sladmhargadh ar ríomhleabhair

Ba mhaith linn tacú le léitheoirí na Gaeilge atá sa mbaile faoi láthair agus chuige sin, beidh muid ag cur ríomhleabhar amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil saor in aisce tríd http://www.cic.ie.

Chomh maith leis sin, tá lascaine curtha ag Cló Iar-Chonnacht ar gach ríomhleabhar atá ar fáil ónár siopa ar-líne http://www.cic.ie.

Fógróidh muid an leabhar atá in aisce gach seachtain ar an mblag atá ar an suíomh seo. Cliceáil anseo le dul go dtí an blag, áit a mbeidh fógra gach seachtain leis an leabhar atá ar fáil in aisce an tseachtain sin. 

CRÉ NA CILLE

‘Is mise Stoc na Cille. Éistear le mo ghlór! Caithfear éisteacht . . .'

Is é Cré na Cille an saothar is mó cáil, seans, sa Nua-Ghaeilge. Cé gur bhuaigh sé duais Oireachtais sa bhliain 1947, dhiúltaigh An Gúm glacadh leis mura mbainfí míreanna áirithe as. D'fhoilsigh Sáirséal agus Dill é ar an 10 Márta 1950.

In Traidisiún Liteartha na nGael (1979) deir J. E. Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa: ‘Níl aon amhras ná gurb é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir is tábhachtaí dár shaothraigh prós na Nua-Ghaeilge le breis agus daichead bliain anuas.'

Agus deir Alan Titley in An tÚrsceal Gaeilge (1991): ‘Úrscéal gan síol gan sliocht is ea Cré na Cille mar is é an focal deireanach é mar gheall ar chomhthionól cúng na tuaithe agus flosc deireanach chaint na ndaoine sa chiall a thuigtí leis sin ó thús na hathbheochana i leith.' Tá na carachtair san úrscéal seo ar shlí na fírinne ach ní fhéadfá a rá gur marbh atá siad. Ní rabhadar riamh chomh beo is chomh mioscaiseach is atá siad anois.

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €9.84 Praghas Anois: €8.63