Is táirge digiteach é seo. Gheobhaidh tú nasc íoslódála ar ríomhphost nuair a cheannaíonn tú an táirge seo. Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost chun do leabhar a íoslódáil go dtí do ríomhaire, fón nó taibléad. Mura bhfeicfidh tú an r-phost sa mbosca isteach, seiceáil an fillteán 'spam' nó 'junk' le cinntiú nach ndeachaigh sé isteach ann.
Nuair is cluiche contúirteach é an saol...
Úrscéal mistéire agus eachtraíochtado léitheoirí in aois 10-14
Tá an leabhar seo ar fáil ar chlúdach bog freisin. Cliceáil anseo chun an leagan clóite ar chlúdach bog a fheiceáil.
Tá brón orm. Tá eagla orm. Cabhraigh liom...
Is cluiche iontach é Hóng, a imríonn Evan ar a ríomhaire an t-am ar fad. Ach tá imreoir eile, Yin, ag impí air cabhrú léi. Cé hí Yin agus cén fáth go bhfuil eagla uirthi - ní istigh sa chluiche, ach sa saol mór? Conas a chuirfidh Evan, a chara Rio agus a dheirfiúr Síofra stop le gnó salach in Éirinn agus i gcéin?
Beidh léitheoirí óga ag casadh na leathanach ó thús go deireadh.
Tá an leabhar seo ar fáil ar lascaine do scoileanna. Seol r-phost chugainn ag lisa@cic.ie le fiosrúchán a dhéanamh.
Gradaim Leabhar Pháistí na hÉireann, Tuairiscí na Moltóirí: Lonnaithe in Éirinn na haoise seo, is scéal ar leith é seo ina bhfuil eachtraíocht, cluichíocht agus teicneolaíocht, cairdeas agus mistéir fite fuaite lena chéile. Is leagan údarach, fíréanta é seo de shaol an óige in Éirinn inniu ina bhfeicimid Gaeilgeoirí déagóra ag dul i ngleic le domhain an Bhéarla.