CIC Logo

Ingne Dearga Dheaideo (Ríomhleabhar)

By Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 1902420934  


Tá saibhreas canúna agus saibhreas Gaeilge san iarracht seo. Tá súil ghéar ag an údar agus is léir sin ar an mionchuntas a thugtar dúinn sna scéalta seo.
Brian Ó Conchubhair

Cnuasach gearrscéalta ó Phádraic Breathnach, údar a bhfuil cáil an stílí air, agus údar a léiríonn bá ar leith leis an dúlra agus leis an óige ina chuid scríbhneoireachta. Bronnadh an phríomhdhuais do chnuasach gearrscéalta ar an saothar seo i gcomórtas litríochta an Oireachtais 2003.

Tá éagsúlacht ábhar in Ingne Dearga Dheaideo, mar is dual do chnuasaigh ón údar céanna. Sa chéad scéal, Anam Mná, caoineann máthair bás a céadghin, agus is maith mar a chuireann an t-údar síos ar an mbriseadh croí agus ar an díchreideamh a ghoilleann uirthi. Déanann Iníon cur síos ar oíche fhada a chaitheann athair ag fanacht go bhfillfidh a iníon óg ón dioscó. Beirt chailleach a speireann a chéile le clocha i gcath fíochmhar i Manhattan atá faoi chaibidil i M'Uncail Máirtín agus Cailleacha Mheiriceá. Ar na téamaí a chíortar sa chnuasach seo tá an chumha, an aois, an choimhlint shíoraí idir an sean agus an nua, agus an saol mar a fheictear don pháiste é.

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €12.00 Praghas Anois: €5.97