CIC Logo

Rocky Ros Muc: Seán Ó Mainnín (Ríomhleabhar)

By Rónán Mac Con Iomaire, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781909367685   

Seo é an leagan DIGITEACH den leabhar 

Is táirge digiteach é seo. Gheobhaidh tú nasc íoslódála ar ríomhphost nuair a cheannaíonn tú an táirge seo. Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost chun do leabhar a íoslódáil go dtí do ríomhaire, fón nó taibléad. Mura bhfeicfidh tú an r-phost sa mbosca isteach, seiceáil an fillteán 'spam' nó 'junk' le cinntiú nach ndeachaigh sé isteach ann. 

Ba mhaith linn tacú le léitheoirí na Gaeilge atá sa mbaile faoi láthair agus chuige sin, beidh muid ag cur ríomhleabhar amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil saor in aisce tríd http://www.cic.ie ón 13ú Aibreán, 2020, go dtí go mbeidh deireadh leis an ngéarchéim.

Chomh maith leis sin, tá lascaine suas le 50% curtha ag Cló Iar-Chonnacht ar os cionn 50 ríomhleabhar atá ar fáil ónár siopa ar-líne http://www.cic.ie. Fógróidh muid an leabhar atá in aisce gach seachtain ar an mblag atá ar an suíomh seo. Cliceáil anseo le dul go dtí an blag, áit a mbeidh fógra gach seachtain leis an leabhar atá ar fáil in aisce an tseachtain sin.

 

Rocky Ros Muc 

Leabhar le Rónán Mac Con Iomaire a insíonn scéal an dornálaí Seán Ó Mainnín ar thug a chuid cumais é ó Ros Muc i gceartlár Chonamara go Madison Square Garden i Nua-Eabhrac Mheiriceá áit ar throid sé do Chraobh Meánmheáchain Éadrom an Domhain ar an 19 Deireadh Fómhair, 1984. Bhí Ó Mainnín tar éis a bhealach a dhéanamh aníos dréimire na dornálaíochta diaidh ar ndiaidh, sa ngrád meáchan ba dhúshlánaí i stair na dornálaíochta, do dheis ar chraobh an domhain i gcoinne Mike McCallum. Faraor, buaileadh é.

"I’ve only ever had two fighters that could take any sort of punch thrown at them, Muhammad Ali and Seán, and Seán’s the only guy I’ve ever had that’s never been knocked down,” a dúirt Angelo Dundee, traenálaí Sheáin, Muhammed Ali agus seaimpíní dornálaíochta domhanda eile, Sugar Ray Leonard ina measc.

Insíonn Rocky Ros Muc scéal atá brónach agus barrúil ag an am céanna, ag cur síos ar eachtraí mar an chaoi ar éalaigh Ó Mainnín ó ghreim Whitey Bulger i South Boston chun craobh meánmheáchain éadrom Mheiriceá a bhaint amach i 1983; ar an mbaint a bhí ag mafia na hIodáile lena choinneál amach as príosún; agus na conarthaí a shínigh sé do throideanna i gcoinne Sugar Ray Leonard agus Tommy Hitman Hearns, troideanna nár tharla ar chúis amháin nó ar chúis eile.

D’oibrigh an t-údar go dlúth le Seán Ó Mainnín leis an scéal seo a insint. Ag labhairt dhó faoin leabhar is an scéal a insítear ann, dúirt Mac Con Iomaire, “Bhí tuairim agam agus mé ag tabhairt faoin leabhar seo go mbeadh scéal maith ann, ach níor thuig mé cé chomh spéisiúil i ndáríre agus a bhí saol Sheáin Uí Mhainnín go dtí gur thosaigh mé ar an taighde. Is beag aithne atá air mar dhornálaí in Éirinn, ach nuair a chuireann tú san áireamh gur bhuaigh sé craobh meánmheáchain éadrom Mheiriceá agus bhain amach troid do chraobh an domhan ag an am ba dhúshlánaí sa meáchan sin i stair na dornálaíochta, caithfear é a áireamh i measc ceann de mhórdhornálaíthe na tire seo.”

 

Praghas: €8.00 Praghas Anois: €6.15