CIC Logo

Scread Mhaidne (Ríomhleabhar)

By Joe Steve Ó Neachtain, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 1902420535  

RÍOMHLEABHAR  Seo é an leagan DIGITEACH den leabhar 

Is táirge digiteach é seo. Gheobhaidh tú nasc íoslódála ar ríomhphost nuair a cheannaíonn tú an táirge seo. Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost chun do leabhar a íoslódáil go dtí do ríomhaire, fón nó taibléad. Mura bhfeicfidh tú an r-phost sa mbosca isteach, seiceáil an fillteán 'spam' nó 'junk' le cinntiú nach ndeachaigh sé isteach ann. 

Tá dhá leagan den chomhad ar fáil:

1. ePub (le haghaidh iBooks, iPad agus léitheoirí eile mar iad) agus

2. Mobi (le haghaidh léitheoirí Kindle). 


Sladmhargadh ar ríomhleabhair
Ba mhaith linn tacú le léitheoirí na Gaeilge atá sa mbaile faoi láthair mar gheall ar ghéarchéim Covid 19 agus chuige sin, beidh muid ag cur ríomhleabhar amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil saor in aisce tríd http://www.cic.ie.


Tá  lascaine curtha ag Cló Iar-Chonnacht ar gach ríomhleabhar atá ar fáil ónár siopa ar-líne http://www.cic.ie. Fógróidh muid an leabhar atá in aisce gach seachtain ar an mblag atá ar an suíomh seo. 

RÍOMHLEABHAR:  

1. Cuir an leabhar i do chiseán
2. Seiceáil amach
3. Coinnigh súil amach don r-phost ó Chló Iar-Chonnacht agus nasc ann. Seiceáil an fillteán 'junk' nó 'spam' mura bhfeicfidh tú sa mbosca isteach é. 
4. Cliceáil ar an nasc agus íoslódáil an leabhar go dtí d'fhón, taibléad nó ríomhaire agus sábháil é.

 

Scread Mhaidne

Ní mórán suaimhneas a fhaigheann Sorcha ar theacht abhaile di ó shocraid a máthara, a mhalairt ar fad atá i ndán di nuair a chaitheann a haintín, Buffalo mar is fearr aithne uirthi, amach ar an tsráid í, ag maíomh nach bhfuil fáilte roimh bhastairdíní beaga sa teach sin! Tugann an scéal seo ó Luimneach go dtí an Spidéal agus go Sasana muid agus Sorcha ar thóir freagraí ar na ceisteanna atá á crá: Cé hí a máthar? Cén fáth gur thug sí ar altramas í? Úrscéal spleodrach atá anseo, é dea-scríofa, saoithiúil agus soléite mar is dual do scríbhneoireacht Joe Steve. Cé gur scéal brónach atá á ríomh, tá an greann fite fuaite ann. Cuirfidh an stíl scríbhneoireachta a shraithdhráma raidió Baile an Droichid i gcuimhne do léitheoirí.

Seo an chéad úrscéal ó pheann Joe Steve, a raibh aithne ar fud na tíre air mar aisteoir sa sobaldráma Ros na Rún. Ar an gCré Dhubh sa Spidéal a rugadh agus a tógadh Joe Steve agus is ann a raibh cónaí air go dtí 2020 nuair a d'imigh sé ar shlí na fírinne, ar dheis Dé go raibh a anam. 

Scríobh Joe Steve gearrscéalta, geamaireachtaí agus drámaí, amhráin agus filíocht, scripteanna agus sceitseanna, agallaimh bheirte agus lúibíní chomh maith lena shaothar do pháistí agus do dhéagóirí. Is é a scríobh script an tsraithdhráma raidió, Baile an Droichid, a bhí deich mbliana á chraoladh ar Raidió na Gaeltachta. Bronnadh Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 1998 ar Joe Steve as a chnuasach gearrscéalta Clochmhóin, agus bronnadh an gradam athuair air i 2001 dá úrscéal Lámh Láidir. Bronnadh duais Oireachtas air do Scread Mhaidne.

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €9.08 Praghas Anois: €7.87