CIC Logo

Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (Ríomhleabhar)

By Gearóid Denvir, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781905560653  

RÍOMHLEABHAR  Seo é an leagan DIGITEACH den leabhar - tá an leabhar seo ar fáil saor in aisce ó Chló Iar-Chonnacht ó 22 - 29 Meitheamh, 2020. 


Is táirge digiteach é seo. Gheobhaidh tú nasc íoslódála ar ríomhphost nuair a cheannaíonn tú an táirge seo. Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost chun do leabhar a íoslódáil go dtí do ríomhaire, fón nó taibléad. Tá dhá leagan den chomhad ar fáil, ePub (le haghaidh iBooks, iPad agus léitheoirí eile mar iad) agus Mobi (le haghaidh léitheoirí Kindle). Mura bhfeicfidh tú an r-phost sa mbosca isteach, seiceáil an fillteán 'spam' nó 'junk' le cinntiú nach ndeachaigh sé isteach ann. 

 

AR GHEARRLIOSTA GHRADAM UÍ SHUILLEABHÁIN 2011

Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair. Lena bheo ní raibh ócáid i gConamara, i nGaillimh ná go deimhin in Éirinn fré chéile nach raibh a léirmheas dána féin tugtha ag an bhfile air: forbairtí conspóideacha tithíochta, imeachtaí polaitiúla náisiúnta agus áitiúla, corrscannal anseo agus ansiúd. Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha. Is fada muid ag feitheamh ar an leabhar seo, ach mar a deir siad is minic a bheireas an mhoill an barr léi.

Is é Gearóid Denvir a chuir na dánta in eagar. Tá nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus tá aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €18.15 Praghas Anois: €12.10