CIC Logo

Ag Greadadh Bás sa Reilig

By Louis de Paor, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 978190242943  

Cnuasach dátheangach d'fhilíocht Louis de Paor

Filíocht fhuinniúil spleodrach í seo, filíocht inar léir tríd síos acmhainn éachtacht an fhile geit a bhaint as an léitheoir le samhailteacha atá mealltach agus neamhghnách. Fílíocht í seo a thugann orainn féachaint ar gach uile ghné den ghnáthshaol, dá shuaraí é, ar bhealach úrnua, úrnite. Filíocht í ina n-aimsímid meascan máistriúil den tocht agus den intlíocht, den mhacnas agus den mhachnamh, den ghreann agus den ísle bhrí. File é Louis de Paor, ní foláir, atá lán den mhíréasún réasúnta sin a bhí mar bhua riamh ag cuid de na filí is fearr agus is fóintí i nuafhilíocht na Gaeilge. - Caoimhín Mac Giolla Léith.

Praghas: €14.00