CIC Logo

Ag Útamáil Liom: Cuimhní Cinn

By Pádraic Breathnach, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784442057  

I gcéilíocht lena chleachtadh scríbhneoireachta déanann Pádraic Breathnach cur síos cuimsitheach sa leabhar seo ar mhórspéiseanna eile, dá chuid: an dúlra, an tsiúlóid, an taisteal aistreánach, an eachmharcaíocht agus an chuil-iascaireacht. 

Ina mhac léinn dó chaith sé tréimhsí ag obair i Londain, ar eispéiris iad a chuaigh i bhfeidhm go mór air. Chaith sé tréimhsí ag múineadh i gColáiste Muire, Gaillimh; i gColáiste Charraige an Tobair, Caiseal; i gColáiste Belvedere, Baile Átha Cliath; i gColáiste Chonnacht, an Spidéal, sular ceapadh ina léachtóir le Gaeilge é, 1969, i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. 

Is i mbreac-Ghaeltacht Mhaigh Cuilinn, 'idir an dá loch phéarlacha', a rugadh é, 1942. 

Praghas: €15.00