CIC Logo

An Béal Bocht - Leabhar Grafach

By Myles na gCopaleen, John McCloskey, Cló Mhaigh Eo

Tagairt: 9781899922871  

On lá a foilsíodh i dtosach é sa bhliain 1941 tá cáil ar an Béal Bocht mar chlasaic i saol liteartha na hÉireann. Tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag an údar as a shaothar i mBéarla ach níl aon dabht ann ná go bhfuil An Béal Bocht ar cheann d'éachtaí liteartha Bhriain Uí Nualláin.

Tá blas comhaimseartha fós ar an aoir aoibhinn ghreannmhar seo agus beocht úrnua anois ann sa leagan ealaíonta grafach seo ó Chló Mhaigh Eo.

Cóiriú ar an úrscéal le Tom Collins, maisithe ag John McCloskey. Foilsithe ag Cló Mhaigh Eo. 

Praghas: €12.00