CIC Logo

An Cléireach (Clúdach Crua)

By Leabhar Breac, Darach Ó Scolaí

Tagairt: 9780898332339  

Ghnóthaigh an chéad úrscéal seo Duais an Oireachtais 2007, agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Suitear an Cléireach in Éirinn agus ar an Mór-Roinn i lár na 17ú haoise, agus mórthimpeall ar eachtra amháin, ach go háirithe, a thiteann amach le linn ionradh Chromail ar Éirinn, nuair a cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an áir atá á bhagairt orthu, ar feadh aon oíche amháin tagann aiteall sa bháisteach, soilsíonn na réaltóga, agus déantar ceiliúradh ar an ealaín is ar aislingí.

“Táimid sa phuiteach leo, agus sa draoib, agus sa chlabar. Tá leathanaigh anseo nár mhór duit tuáille a tharraingt chugat féin tar éis a léite d'fhonn tú féin a thriomú.... Stíl ghlan láidir.” Alan Titley, Foinse.

“Is iad inchredteacht agus dealraitheacht na scríúbhneoireachtaa mheallann an léitheoir isteach sa scéal sa chéad áit, agus ardsaibhreas agus cruinneas na teanga a chuireann ina luí air go bhfuil sé i gcorplár na cuilithe pé áit a ghluaiseann an t-aicsean.” Tadhg Dubh Ó Cróinín, The Limerick Leader

“Tá saibhreas agus ionramháil na teanga ar aon chéim amháin feabhais ó thús go deireadh an scéil.” An tOll Gearóid Ó Tuathaigh, An tOireachtas

Praghas: €18.00