CIC Logo

An eala ar a bhfuaid: Cúirt an Mheán Oíche i Lámha na Scríobhaithe

By Coiscéim

Tagairt: 6660012160150  

"Ba churamhír i gcónaí le pobal na Gaeilge an Chúirt," dar le Máirtín Ó Cadhain. Tá 210 bliain ann ó cailleadh Brian Merriman, ó Chontae an Chláir, duine de na filí Gaeilge is mó cáil sa tír seo, a bhuíochas dá éacht cumadóireachta, Cúirt an Mheán Oíche. Bhí cíocras ar scríobhaithe chun CMO a chóipeáil ó ré an fhile féin, agus is liosta le háireamh iad na cóipeanna de a mbuailtear leo fud fad na lámhscríbhinní. Bhorraidh agus bhláthaigh an éagsúlacht in iliomad leaganacha. Tá ceithre leagan den téacs á chur ar fáil sa leabhar seo, agus leagan d'aistriúchán Dennis Woulfe lena chois sin. 

Praghas: €15.00