CIC Logo

An Piarsach agus 1916: Briathar, Beart agus Oidhreacht

By Gearóid Ó Tuathaigh, Cló Iar-Chonnacht, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tagairt: 9781784441395  

Níl aon amhras ach go bhfuil Pádraic Mac Piarais ar dhuine de mhórphearsana stair na hÉireann. Ach cérbh é? Mar is iomaí léargas ar an bPiarsach atá curtha os ár gcomhair sna céad bliain ó bhásaigh sé.

Tá an t-iriseoir agus an t-eagarthóir nuachtáin ann; tá an t-idéalaí agus an Conraitheoir dílis; an t-oideachasóir agus an máistir scoile; an gearrscéalaí, an file agus an drámadóir; an t-agóidí, an tÓglach, an réabhlóidí, an ceannaire míleata agus Uachtarán Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann. Agus, ar deireadh, tá an laoch, an naomh, an mairtíreach glórmhar. Agus ar an láimh eile, tá an fear a bhí róthugtha don rómánsachas i ngach gné den saol, fear a shamhlaigh é féin mar shlánaitheoir na nGael, a bhí an-tógtha leis an bhféiníobairt agus le doirteadh fola.

Mar chuid den chomóradh céad bliain ar Éirí Amach na Cásca, is mithid súil a chaitheamh an athuair ar an bhfear casta ilghnéitheach seo. Sa leabhar seo, bunaithe ar léachtaí a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, tugann dháréag scoláirí aghaidh ar ghnéithe éagsúla de shaol, de shaothar agus de smaointeoireacht Phádraic Mhic Phiarais, ag súil le solas nua a chaitheamh ar an bpearsa seo a mairimid fós faoina scáth.

Na hÚdair: Róisín Ní Ghairbhí, Regina Uí Chollatáin, Alan Titley, Gearóid Denvir, Ciarán Ó Coigligh, Fionntán de Brún, Caitríona Ó Torna, Seosamh Ó Cuaig, Úna Ní Bhroiméil, Mary N. Harris, J.J. Lee, Gearóid Ó Tuathaigh. 

CLÁR

  • Cúlra agus óige an Phiarsaigh: teaghlach, scolaíocht/oideachas, teacht in inmhe. (Róisín Ní Ghairbhí)
  • An Piarsach agus iriseoireacht na Gaeilge (Regina Uí Chollatáin)
  • An Piarsach agus an díospóireacht faoi nua-litríocht na Gaeilge (Alan Titley )
  • Saothar liteartha: scríbinní an Phiarsaigh (Gearóid Denvir )
  • An Piarsach mar oideachasóir: fealsúnacht, teoiric agus tuiscint (Ciarán Ó Coigligh)
  • An Piarsach  agus Scoil Éanna : oideachasóir agus ídé-eolaí i mbun scoile. (Fiontán de Brún))
  • An Piarsach agus an Ghaeltacht : coincheapú agus bearta praiticiúla (Caitríona Ó Torna)
  • An Piarsach agus Ros Muc (Seosamh Ó Cuaig)
  • An Piarsach agus a chuairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá (Úna Ní Bhroiméil)
  • Smaointeoireacht  an Phiarsaigh ar an náisiúnachas agus ar an bpolaitíocht, anuas go dtí 1913 (Máire Harris)
  • I dtreo an mhílteatachais agus na Poblachta: an Piarsach agus an pholaitíocht, 1913-1916 (J.J. Lee)
  • Cáil an Phiarsaigh i ndiaidh a bháis: beathaisnéisí agus breithiúnais (Gearóid Ó Tuathaigh)

 

Praghas: €15.00

Léirmheas

The pick of 2016's Irish-language books, Cathal Póirtéir, Nollaig 2016

Some publications marking the centenary of the 1916 Rising are worth mentioning. RTÉ Raidió na Gaeltachta broadcast a lecture series as part of its commemoration; the eminent historian Prof Gearóid Ó Tuathaigh was editor of both the series and the book An Piarsach agus 1916: Briathra, Beart agus Oidhreacht (Cló Iar-Chonnacht/RTÉ Raidió na Gaeltachata, €15). It contains a dozen essays by historians, including JJ Lee, Máire Harris and Gearóid Ó Tuathaigh, with further essays by literary scholars, including Alan Titley and Gearóid Denvir, who re-examine Patrick Pearse and his work as a journalist, creative writer, language activist, educationalist and revolutionary.

Leabhar nua ar Phádraig Mac Piarais le foilsiú, Pól Ó Muirí, The Irish Times, Meitheamh 2016 www.irishtimes.ie

Seolfaidh Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, an leabhar nua An Piarsach agus 1916: Briathar, Beart agus Oidhreacht (Cló Iar-Chonnacht, in eagar ag Gearóid Ó Tuathaigh) Déardaoin, 30ú Meitheamh ag 8p.m. in Ionad Cuimhneacháin an Phiarsaigh, Ros Muc, Co. na Gaillimhe.
Aithníonn gach aon duine go bhfuil Pádraig Mac Piarais ar dhuine de mhórphearsana stair na hÉireann ach is fada díospóireacht agus iaróg ann faoin duine féin, faoina chuid polaitíochta agus faoina thionchar ar stair na hÉireann.

Cuireann an leabhar nua seo ceist an-simplí: cérbh é?
Is iomaí sin léargas a thug staraithe, polaiteoirí agus scríbhneoirí ar an Phiarsach ó chuir arm na Breataine chun báis é tá 100 bliain ó shin.
Scrúdaíonn údair an leabhair seo an t-iriseoir agus an t-eagarthóir nuachtáin; an t-idéalaí agus an Conraitheoir dílis; an t-oideachasóir agus an máistir scoile; an gearrscéalaí, an file agus an drámadóir; an t-agóidí; an tÓglach, an réabhlóidí, an ceannaire míleata agus Uachtarán Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann.

Agus, ar deireadh, tá an laoch, an naomh, an mairtíreach glórmhar.
Agus ar an láimh eile, tá an fear a bhí róthugtha don rómánsachas i ngach gné den saol, fear a shamhlaigh é féin mar shlánaitheoir na nGael, a bhí an-tógtha leis an fhéiníobairt agus le doirteadh fola.

Mar chuid den chomóradh 100 bliain ar Éirí Amach na Cásca, mhothaigh RnaG gur mhithid súil a chaitheamh an athuair ar an fhear.
Tá an leabhar seo, bunaithe ar léachtaí a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, scríofa ag scoláirí as gach cearn d’Éirinn.

Thug siad aghaidh ar ghnéithe éagsúla de shaol, de shaothar agus de smaointeoireacht Mhic Phiarais agus iad ag iarraidh léargas as an nua a thabhairt ar an Piarsach.