CIC Logo

An Síol a Cuireadh sa tSneachta: Bunú Chomórtas Peile na Gaeltachta

By Cló Iar-Chonnacht

Dúluachair na bliana 1969 thug buíon imreoirí caide ó Chorca Dhuibhne fé aistear éachtach ,320 míle bóthair trí shneachta agus trí shioc i seanachrac de bhus, chun cluiche dúshláin a imirt i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. As an gcairdeas a d'fhás, agus as an gcleamhnas a deineadh idir dhá phobal Gaeltachta le linn an turais sin a shíolraigh Comórtas Peile na Gaeltachta, féile atá ar cheann des na himeachtaí cultúrtha is mó agus is tábhachtaí sa tír anois. 

Sa leabhar seo gheobhair éachtaint ghlé ar laethanta luaithe an Chomórtais, cuntas ar na cúinsí agus na pearsana a thiomáin an ghluaiseacht peile agus pobail seo, mar aon le cuimhní cinn iar-imereoirí agus lucht leanta dílis. Tá léargas le fáil ar fhís, ar fhealsúnacht agus ar ghaisce na gceannródaithe a chuir tús le Comórtas Peile na Gaeltachta, agus tá blaiseadh ann den spraoi, den scléip agus den gcomhluadar a bhíonn i gcroílár na n-imeachtaí i gcónaí agus a chintíonn gur saibhre agus gur buaine pobal na Gaeltachta dá bharra. 

Praghas: €15.00