CIC Logo

An Teachtaire

By Colmán Ó Raghallaigh, Cló Mhaigh Eo

Tagairt: ISBN: 1 8999 22 21 0  

An triú húrscéal grafach le Colmán Ó Raghallaigh. Bhuaigh an chéad dhá leabhar sa tsraith duaiseana Bisto i 2002 agus 2003 faoi seach.

"Feicim contúirt mhór thar sáile chugainn... Fillfidh an sclábhaí." Sin an tuar a dhéanann Lochrú, an draoi, don Ardrí agus lucht a chúirte. Ach ma fhilleann, an mbeidh fórsaí an áibhirseora in ann a mhisean a chur ó mhaith? Nó an dtig leis dul i ngleic leis na draoithe agus an seanréimeas a chloí? An dara cuid de scéal eipiciúil Phádraic, é lán d'aicsin agus teannais.

Praghas: €9.00