CIC Logo

An tUisce Sú na Beatha

By Beatrice Hollyer, An Gúm

Tagairt: 9781857917246  

Is cuma cén áit ar domhan a bhfuil cónaí orainn, pé acu tír bhocht nó tír shaibhir í, tá an t-uisce riachtanach dúinn uile. Is é atá sa leabhar seo cur síos ar an ngnáthshaol laethúil ag seisear leanaí agus ar thábhacht an uisce ina saol. Is iad Peiriú, an Mháratáin, SAM, an Bhanglaidéis, an Aetóip agus an Táidsíceastáin tíortha dúchais na leanaí. Tugtar léargas an-mhaith ann ar luach an uisce sna tíortha éagsúla sin agus ar na bealaí éagsúla a bhíonn ag na leanaí chun teacht air, é a storáil agus é a úsáid. Agus an t-athrú aeráide ag bagairt orainn go léir beidh an leabhar seo ina áis iontach sa bhaile agus ar scoil chun plé a thosú ar chaomhnú acmhainní luachmhara nádúrtha mar an t-uisce.

Praghas: €7.50