‘Is í an litríocht anam na teanga,' a scríobh Seosamh Mac Grianna, agus sa leabhar seo tá dhá cheann déag de na gearrscéalta is anamúla agus is bíogúla dár scríobhadh sa Ghaeilge riamh.
Tá na mór-údair ann - Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Pádraig Mac Piarais - agus údair nach bhfuil an aithne chéanna orthu, b'fhéidir - Peigí Rose, Fionntán de Brún, Annraoi Ó Liatháin.
Meascán den sean agus den nua, den traidisiún agus den nuálaíocht, den tallan, den chruthaitheacht agus den chumas atá sa chnuasach seo a chuirfidh iontas ar dhaoine, a spreagfaidh caint ina measc agus, b'fhéidir, a tharraingeoidh raic eatarthu.
Sa leabhar freisin tá cabhair ar fáil do na léitheoirí siúd nár mhiste leo faobhar a chur ar a scian chriticiúil leis na nótaí cuimsitheacha atá curtha i dtoll a chéile ag an bhfear eagair.
Gearrscéalta sa Leabhar:
- An Beo - Liam Ó Flaithearta
- Dúil - Liam Ó Flaithearta
- An Cumann - Peigí Rose
- Ná hInis Brionglóidí na hAoine don tSatharn Choíche - Peigí Rose
- Nóra Mharcais Bhig - Pádraic Ó Conaire
- Anam an Easpaig - Pádraic Ó Conaire
- An Gadaí - Páraig Mac Piarais
- Athair - Micheál Ó Conghaile
- Codladh an Mháistir - Seosamh Mac Grianna
- Mánus Ó Súileachán - Séamus Ó Grianna
- Na Déithe Bréige - Fiontán de Brún
- An Rud nach mBíonn Agam - Annraoi Ó Liatháin
Seán Mac Labhraí a chur in eagar.
Léigh sliocht as an leabhar