CIC Logo

Anamlón Bliana - ó dhialanna an Ríordánaigh

By Seán Ó Riordáin, Tadhg Ó Dúshláine, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784441005  

Ar feadh beagnach dhá scór bliain, aimsir thinnis agus aimsir théarnaimh, cuid lárnach de shaol inmheánach Sheáin Uí Ríordáin ab ea a dhialann.

Iarracht atá sa deascán díolamtha seo óna dhialanna ar éachtaint a thabhairt ar aigne chéasta an fhile ar bhonn leanúnach ó thosaigh sé amach air sa bhliain 1940, go dtí an bhliain ar cailleadh é, 1977. Blaiseadh beag de bheatha na dialainne iomláine é, mar sin, tiomsaithe in aon bhliainfhéilire amháin, 365 iontráil, ceann in aghaidh an lae.

Fear mór líníochtaí, caracatúr agus pictiúr ab ea an Ríordánach, leis, agus cuid lárnach den imleabhar seo is ea na líníochtaí seo.

Corcaíoch agus léachtóir in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, é an t-eagarthóir, Tadhg Ó Dúshláine.

Praghas: €25.00

Léirmheas

Anamlón Bliana: ó dhialanna an Ríordánaigh“A writer exiled from the outer world, finding solace in the inner”A review by Mícheál Ó hAodha, Books Ireland, March/April 2015

'Anamlón Bliana: ó dhialanna an Ríordánaigh' is a fascinating book. It is an anthology based on the entries that writer Seán Ó Ríordáin made in his diary (or series of diaries, to be precise), a journal which he kept for nearly four decades through bouts of severe illness and temporary recovery right up to his death in 1977. His diaries are essential to any understanding of Ó Ríordáin’s sensibility as an artist, and the development of a man who was undoubtedly one of the most important Irish and European writers of the twentieth century. This anthology contains 365 entries as collated by Tadhg Ó Dúshláine, one for each day of the year. Together they provide a unique insight into the tortured mind of the poet, from 1940 when he first began to write in his diary.

We hear the poet talk to himself, berate himself and question himself regarding the meaning of life, his poetry and his spiritual and inner world. His diaries evince a world consumed by subjects as diverse as his alienation from the society around him (he suffered from tuberculosis, part of the treatment of which was the isolation of carriers of the disease from others), illness, suffering, death, Catholicism, the self and Irish identity, to name but a few. Ó Ríordáin was a very private individual and this privacy carried over into his poems, which are often elusive.

Today he holds an important place amongst that vibrant generation of Irish-langauge poets which came to the fore in the post-war era, and which included Galway writer Máirtín Ó Direáin amongst others. He invented new and contemporary forms and styles in the Irish language. Ó Ríordáin was also an essayist who wrote columns for The Irish Times (on and off from 1967 onwards), a man who thought deeply about the meaning of life and the role of art. From Ballyvourney, Co. Cork, he was struck down with pneumonia at the age of thirteen and this was just the beginning of a life encompassing long bouts of illness and isolation, including periods spent in various sanatoriums in and around County Cork, a reality which cemented his ‘outcast’ status and which permeated much of his work.

Six years after his father’s death from tuberculosis, his family moved closer to Cork city, to Iniscarra. Those periods when he was hospitalised owing to illness aside, it was here that the poet spent the rest of his life. While some of his diary entries delineate the boredom and the interminable ‘waiting’ that is the lot of the chronically ill and anguished person, Ó Ríordáin’s diary entries – and he was extremely well read in European literature – also include reflective pieces or meditations on philosophical and literary matters. We see here the quest for a purity of expression – a pure poetry as reflected in a pure ‘self’. Tragically, Ó Ríordáin considered himself demeaned and to be ‘outside the community’ in many ways because of the TB and because he was creating art at the interstices of two languages, Irish and English. Many of his meditations on art and existence are very profound. Take the following, for instance:

Cad is filíocht ann? Caint linbh?
Aigne – samhlaíocht linbh? Beirt i seomra. Capall ag gabháil na sráide lasmuigh. Féachann an duine fásta amach. ‘Sin capall Sheáin Uí Cheallacháin’, a deir sé ina aigne, ‘ag breith ualach prátaí ar an margadh’. Cailleann an duine fásta an capall ar an gcuma sin de dheasca a chuid eolais. Ní shaibhríonn an capall ná an saol beatha an duine fásta. Airíonn an leanbh fuaim an chapaill. Blaiseann sé fuaim an chapaill ar son na fuaime féin. AGus éisteann leis an bhfuaim ag dul i laghad agus i laghad agus ag titim siar isteach san Tost. Agus is ionadh leis an fhuaim agus is ionadh leis an Tost. Agus bíonn an saol lán d’alltacht agus de dhraíocht...’ (2/4/1949)

Ó Ríordáin at one time considered becoming a painter rather than a writer and the volume is replete with his drawings (of varying quality) and caricatures. This book, however, is in essence the diary of the poet’s inner world. It also provides a rare insight into the ‘culture of confinement’ that defined the Ireland of the 1950s and 1960s and the lives of those whose health was poor.

ANAMLÓN BLIANA : ó dhialanna an Ríodanaigh Tadhg Ó Dúshláine a chuir in eagar (Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, 2014) €25 Léirmheas le hArt Ó Maolfabhail, FEASTA, Iúil 2014

Insíonn an teideal scéal an leabhair seo agus músclaíonn an focal ‘dialanna’ fiosracht ionainn. is breá an leabhar é gan aon agó agus fós braithim easnamh air. Ní thugtar d’eolas dúinn ach gur Corcaíoch agus léáchtóir in Ollscoil na hEireann, Maigh Nuad, an t-eagarthóir, agus go bhfuil na dialanna faoi choiméad i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Agus níl an méid sin ach ar an bhforchlúdach amháin , gan é a bheith sa leabharféin. Tá díonbhrollach gearr acadúil ann agus mórán fágtha faoin léitheoir.

Má fhéachtar air mar leabhar boirdín caifé, agus is furasta sin a dhéanamh toisc ardcháilíocht na clódóireachta agus an leagan amach, ní thugann sé a cheart don Ríordánach, dar liomsa, sa mhéid nach bhfuil eolas foirmeálta ar bith ann i dtaobh an duine, ná a shaothar, ná treoir chun teacht ar an saothar sin, ná ar thuairimíocht i dtaobh an tsaothair. Más mar leabhar laethúil midheamhna é, mar a deir an t-eagarthóir (lch xiii), leabhar a spreagann machnamh, fóß tá an t-easnamh céanna air. Níl cabhair ar bith ann don duine fiosrach nach bhfuil réamh-eolas aige, ach a chuirfeadh suim i Seán Ó Ríordáin, go háirithe más é an leabhar seo a spreagann an fhiosracht. Ní féidir glacadh leis go bhfuil oiread aithne ar an Ríordánach i measc an phobail agus atá ar Shakespeare.

Ceapaim go mbraithfeadh an Ríordanach féin an t-easnamh a bhraithimse. Duine uaibhfreach a bhí ann ach fóß bhí an umhlaíocht ann. Measaim go léiríonn an prós soiléir éifeachtach a scríobh sé go raibh a aird ar oiread den phobal a b’fhéidir. I gcás an leabhair seo tá fágtha faoin léitheoir teacht ar a thuiscint féin ar n duine trí na blúirí seo a roghnaíodh as an dialann a léamh, bíodh réamh-eolas aige nó ná bíodh. Tharlódh gurb é an leabhar seo an t-aon léargas a gheobhaidh cuid mhaith daoine ar aigne phríobháideach Sheáin Uí Riordáin. Dá bhrí sin, sílim gur chóir buneolas i dtaobh na ndialanna agus a chúlra a bheith sa leabhar. Gan amhras, is féidir a rá mar fhreagra air sin go bhfuiltear ag ligean don léitheoir an t-eolas a bhailiú chuige trí∂ na sleachta dialainne a léámh go leanúnach. Tá go breá, ach is cóir a mheabhrú gur mar a chéile léitheoir dialainne agus scríbhneoir dialainne sa mhéid gur minic a thosnaíonn agus nach leanann. Feictear domsa go n-oirfeadh an buneolas seo a leanas, ar a laghad, a bheith in Anamlón: -

Rugadh Seán Ó Ríordáin sa bhliain 1916 i nGaeltacht Bhaile Bhuirne, is é sin, i ndúiche a athar i gcontae Chorcaí. Tar éis bhás a athar i 1926 d’aistrigh an teaghlach aniar i dtreo Chathair Chorcaí go dtí ceantar dúchais a mháthar. Chuir siad fúthu in Inis Cara gus cuireadh Seán agus a dheartháir Tadhg ar mheánscoil sa chathair. Thosaigh Seán ag obair do Bhardas Chorcaí i dtosach i 1937. An bhliain dar gcionn aithníodh go raibh an eiteann air agus as sin godtí gur cailleadh i 1977 é bhí an tsláinte go dona aige. Foilsíodh ceithre leabhar filíochtal eis: Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), Línte Liombó (1971), Tar éis mo Bhás (1978) agus Rí na nUile: liricí diaga a cumadh idir an 9ú agus an 12ú céad in eagar ag Seán S. Ó Conghaile, C.S.S.R le leagan Nua-Ghaeilge a chum Seán Ó Ríordáin agus réamhfhocal ón Ollamh Caitlín Ní Maol-Chróin (1964). Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath, a d’fhoilsigh na cúig leabhar sin. Scríobh sé colún seachtainiúil i nGaeilge in The Irish Times idir 1967 agus 1975 chomh maith.

Tá mioneolas le fáil in Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar, Seán Ó Coileáin, (An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1982) agus mórán d’fhealsúnacht an Ríordánaigh féin in agallamh a rinne sé le Seán Ó Mórdha atá i gcló in Scríobh 3 (An Clóchomhar Teoranta, 1978). Tá a lán scríofa ina thaobh seachas na saothair sin.

San agallamh in Scríobh 3 (lch 175) deir Ó Ríordáin ‘Bhíos ag scríobh próis go rialta chomh maith le véarsaí, siar amach, chomh fada siar le 1935. Bhíos ag scríobh dialainne.’ Más ea, ní mhaireann ach ó chéád lá Eanáir 1940 go dtí 16 Feabhra 1977, is é sin, cúig lá roimh bhás an Ríordánaigh. Tá bearnaí ann sa tréimhse fada sin, gan amhras, mar shampla an bhliain 1941 go hiomlán. Is cosúil gurb é Seán féin a scrios a bhfuil ar iarraidh. Ó thús tá a aird ar an léitheoir agus an chéád tagairt aige do léitheoir ar 15 Eanáir 1940: ‘Táim ag iarraidh an chéád locht atá ar mo chuid oibre a mhíniú duit, a léitheoir.’ (Anamlón, lch 7). Ar 27 Deireadh Fómhair 1965 (Anamlón lch 333) fiafraíonn sé ‘An mairfidh na dialanna a scríobhaim?’

SÉ BLIANA AGUS TRÍOCHA

Agus an leabhar seo léithe agam ó thús go deireadh in imeacht cúpla seachtain, tá sciorrtha agam thar sé bliana agus tríocha de shaol Sheáin Uí Ríordáin. Tá an t-ábhar, idir iontrálacha próis agus phíosaí líníochta, leagtha amach i bhfoirm aon bhliana amháin. Le gach lá den bhliain tar ar a laghad mír amháin próis agus dáta leis, agus ar a laghad píosa amháin líníochta. Ní thugtar eolas ar bith faoi dháta an phíosa líníochta. Ar an iomlán ní léir go bhfuil saol idir an píosa líníochta agus an píosa próis atá ar aonleathanach leis. Aighthe daoine is minicí a bhíonn sa líníocht, aighthe as samhlaíocht an Ríordánaigh ach uaireanta daoine aitheanta,


Tá an chuid eile den léirmheas seo le fáil i FEASTA Iúil 2014

Anamlón Bliana: ó dhialanna an Ríordánaigh BOOKS IRELAND, First Flush, September/October 2014

As dhialanna Sheáin Uí Ríordáin, 1940 go 1977. Fear mór líníochtaí, carachtair agus pictiúr ab ea an Ríordánach, leis, agus cuid lárnach den imleabhar seo is ea na líníochtaí.