CIC Logo

Aois na hÓige: Díolaim Próis

By Cló Iar-Chonnacht, Máirín Nic Eoin, Aisling Ní Dhonnchadha

Tagairt: 9781784441609  

Cén léargas a thugann nualitríocht na Gaeilge dúinn ar eispéireas na hóige in Éirinn? An bhfuil sainghnéithe ar leith de scéal an pháiste á léiriú sna foinsí Gaeilge? Is éard atá sa díolaim seo ná cnuasach saibhir d'ábhar próis ó fhoinsí ilghnéitheacha dírbheathaisnéise agus ficsin a roghnaíodh chun solas a chaitheamh ar an dá cheist seo. Tá cuntais ar eachtraí óige anseo ó na mórcheantair Ghaeltachta ar fad, chomh maith le hábhar ficsin atá lonnaithe i gceantair eile tuaithe, i mbailte móra agus i mBaile Átha Cliath. Feictear saol an teaghlaigh agus saol an phobail, an córas oideachais agus an córas eacnamaíoch, ócáidí sonais agus ócáidí bróin, agus an t-iomlán trí shúile an pháiste óig nó trí chuimhní cinn an duine fhásta ar thréimse na hóige. Cuimsíonn ábhar na díolama raon leathan téamaí, pointí féachana agus stíleanna inste, agus nochtar gnéithe de scéal na hóige nach mbíonn an oiread sin tráchta orthu i bhfoinsí oifigiúla.

Is léachtóir Sinsearach i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad í Aisling Ní Dhonnchadha. Is Ollamh Emerita le Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í Máirín Nic Eoin. Is scoláirí litríochta iad beirt, a bhfuil saothair bhunúla chritice foilsithe acu ar ghnéithe éagsúla de nualitríocht na Gaeilge.

Praghas: €15.00

Léirmheas

Léirmheas le Ríona Nic Congáil, Comhar, Nollaig 2017. Sliocht ón léirmheas.

I 1987, foilsíodh 'An Irish Childhood" An Anthology'. Meascán de chuimhní cinn agus scéalta faoin óige a bhí ann, breactha ag mórscríbhneoirí béarla na hÉireann. Deich mbliana ina dhiaidh sin, foilsíodh 'Great Irish Stories of Childhood' ar an téad chéanna. Cuireadh an dá leabhar i gcló roinnt mhaith blianta sular thosaigh an lucht léinn in Éirinn ag cur suim i litríocht, stair agus léann na hóige. Ach léirigh an dá leabhar seo an saibhreas a bhain le stair liteartha na hóige Éireannaí, agus an dúil a bhí ag scríobhneoirí agus léitheoirí san ábhar seo. Ar ndóigh, tá léiriú luachmhar ar an óige ar fáil i litríocht na Gaeilge freisin, agus cuirimid fáilte roimh an gcéad chnuasach Gaeilge ar an ábhar seo.

Sa réamhra cuimsitheach a ghabhann le 'Aois na hÓige: Díolaim Próis', luann Aisling Ní Dhonnchadha agus Máirín Nic Eoin go n-eascraíonn an cnuasach seo as an spéis nua i léann na hóige Éireannaí i measc scoláirí. Tá sleachta ó 22 scríbhneoir Gaeilge roghnaithe acu, sleachta dírbheathaisnéiseacha agus ficseanúla, a thugann sárléargas ar an óige Ghaelach ó na 1880idí go dtí na 2000idí. Roghnaíodh na sleachta go cúramach, lena chinntiú go dtabharfaidís spléachadh ar an óige i gceantair éagsúla, ó pheirspictíocht bhaineann agus fhireann agus tá stíleanna éagsúla reacaireachta ann freisin, ó ghlór an linbh go reacairí uilefheasacha. Tá nóta beathaisnéise agus comhthéacsú ag gabháil le gach sliocht, agus tá na sleachta curtha ar fáil in ord crineolaíoch, rud a chuidíonn leis an léitheoir cuid de na hathruithe stairiúla in Éirinn san fhichiú haois a fheiceáil trí shúile agus trí eispéireas na n-óg.

Díríonn na cuntais ar an mbreith, ar an mbás agus ar chaidrimh idirghlúine, ar thionchar chultúr an tomhaltachais agus ar thionchar na polaitíochta ar dhaoine ó©a. Tugann siad léargas ar chúrsaí aicme, dúshaothrú leanaí, imirce, agus leithcheal ar bhonn teanga, i measc go leor ábhar eile.

Taispeánann na sleachta gur gníomh casta é bheith ag scríobh faoi pháistí, agus bheith ag déanamh anailíse ar an scríbhneoireachta chéanna, toisc nach féidir dealú simplí a dhéanamh idir ciall cheannaithe an údair fhásta agus an duine óg a bhfuil sé ag scríobh faoi. Is é 'Bairbre' ó pheann an Phiarsaigh an chéad sliocht sa chnuasach agus is sampla maith é den chastacht a thagann chun solais nuair a shamhlaíonn scríbhneoir saol an pháiste, gan a thuairimí féin mar dhuine fásta a fhágáil ar lár. Tugann 'Bairbre léiriú ar thús chultúr an tomhaltachais i measc cainteoirí óga Gaeilge (feictear rian den chultúr céanna i sleachta Mháire Ní Ghaoithín, Bhreandáin Uí Eithir agus Phádraig Bhreathnaigh). In 'Bairbre', tá taithí mheánaicmeach an Phiarsaigh ar chultú® an tomhaltachais nasctha le saol an chailín óig fhicseanúil atá cruthaithe aige. Is cosúil gur rabhadh atá sa ghearrscéal seo, a thugann le fios nár chóir do dhaoine saibhre earraí a cheannach do pháistí bochta Gaeltachta agus gur chóir do na páistí céanna bheith ag braith ar a bpobal féin, mar ní thréigfidh a bpobal féin iad. Tugann 'Bairbre' léargas ar na contrárthachtaí a bhain leis an íomhá den chainteoir óg Gaeilge i measc lucht na hathbheochana.

Tá formhór na sleachta eile sa chnuasach seo scríofa ag cainteoirí dúchais ó chúlraí bochta Gaeltachta. Déanann Micí Mac GAbhann agus Róise Rua Mhic Grianna cur síos ar an riachtanas eacnamúil i dTír Chonaill chun páistí naoi mbliana d'aois a chur ag obair ar an Lagán. Díríonn Mac Gabhann aird ar fhulaingt a mháthar agus í ag scaoileadh a mic chun oibre. Ní ar an Lagán a chuaigh cosmhuinteir óg Chiarraí: tugtar cuntas ar thaithí Pheig Sayers agus í ina cailín aimsire sa struchtúr na n-aicmí sóisialta, a raibh ar pháistí bochta Gaeltachta glacadh leo.

Mol an óige... agus scríobhfaidh siad', IrishTimes.com, Gaeltogs, an Ghaeltacht agus an óige, 9 Aibrean, 2018. Sliocht as alt le Pól Ó Muirí.

Cnuasach sleachta atá scríofa ag daoine fásta, don chuid is mó, atá in 'Aois na hÓige: díolaim próis (Cló Iar-Chonnacht, €15) ach sleachta a bhaineann go sonrach leis an óige fadó fadó agus chan chomh fadó sin ar fad.

Beirt scoláirí mór le rá - Aisling Ní Dhonnchadha agus Máirín Nic Eoin - a roghnaigh na míreanna agus ní bréag a rá go bhfuil obair mhór déanta acu. Tá ábhar dírbheathaisnéise agus ficsean sa leabhar agus is maith mar a chuireann an dá sheánra le chéile le radharc a thabhairt ar chás na n-óg.

Aithneoidh an léitheoir mórán de na scríbhneoirí atá sa leabhar gan stró. Tá Pádraig Mac Piarais ann, Micí Mac Gabhann, Peig Sayers, Róise Rua, Muiris Ó Súilleabháin, Máire Ní Ghaoithín, Máirtín Ó Direáin - seanfhondúirí a thuilleann meas. Ach tá scríbhneoirí comhaimseartha ann fosta - Alan Titley, Éilís Ní Dhuibhne, Seán Mac Mathúna agus Pádraig Breathnach, ina measc.

Maireann an óige i gcónaí?

Tá caibidil agus fiche sa leabhar agus réamhrá roimh gach aon phíosa. Scrúdaíonn na húdair uilig feiniméan sin na hóige ar a ndóigh shainiúil féin. Tá scéal na Gaeltachta i lár an aonaigh agus is maith go bhfuil. Tá greann i gcuid de na píosaí, ar neamhchead do Chorca Dhorcha.

Seo chugainn Eoghan Ó Domhnaill agus 'Bata Marascail', é ag iarraidh ord agus eagar a chur ar a chuid trúpaí óga thiar i nDún na nGall: "Bhíothas á shamhailte dom cheana féin go n-abródh corrfhear acu nach ligfeadh a mháthair dó teacht - go gcaithfeadh sé dul a bhuachailleacht.

"Cé acu saighdiúir nó buachaill bó atá ionat?" arsa mise, go leathíseal. Cé acu ordú a mháthar nó ordú a cheann feadhna chaithfeas saighdiúir a chomhlíonadh in aimsir cogaidh?"

Cuireann Máire Ní Ghaoithín síos go grámhar soineanta ar bhábóg a fuair sí mar bhronntanas: "Bhí an bhabóg seo go gleoite, bhí gruaig fhada bhuí chasta uirthi, dhá shúil ghorma aici a dhúnfadh nuair a luínn siar a ceann."

Tá sleachta eile ann a bhainfeadh deoir as cloch. Tá mír ann "Eachtraí Cailíní Óga" le Máire Ní Shéagha, Bríd Ní Síothcháin agus Brighid Stac.

"Féinléirithe neamhghnáchacha iad na cuntais chín lae...tugann siad léargas neamhrománsúil ar ghnéithe de shaoltaithí na bpáistí," a scríobhann na heagarthóirí agus foilsíodh an t-ábhar ar dtús idir 1916 agus 1918.

Aois na hÓige, Léirmheas le Aonghus Ó hAlmhain, blag Smaointe Fánacha Aonghusa, 24 Aibreán, 2018

Cé go bhfuil suim áirithe agam i litríocht na Gaeilge, ní scoláire mé agus mar sin ní minic go roghnaím téacs scolártha le léamh dom féin. Murach gur sheol Cló Iar-Chonnacht cóip den leabhar seo chugam caolseans go mbeadh sé léite agam. Sleachta ó líon mór saothaoir próis a phléann le taithí leanaí in Éirinn atá ann maille comhthéacs agus scrúdú ag an mbeirt saineolaí a roghnaigh. Bhí cuid de na saothair - Fiche Bliain ag Fás, abair - léite agam. Cuid eile nach bhfuil (fós).

Sleachta a chuir mé spéis ar leith iontu ná dréachta a bailíodh ó cailíní scoile, cuir síos lom ar an tsaoil.

Leabhar luachmhar sa mhéid is go dtugtar noda ar conas teacht ar stair shóisialta na hóige in Éirnin sa litríocht Gaeilge. Luachmhar freisin le blaiseadh a thabhairt ar réimse leathan saothair agus tréimhsí.

'Sunny Days, Fairy Nights', Léirmheas le Lillis Ó Laoire, Dublin Review of Books, Eanáir 2019

Children’s studies as an academic field has made great strides worldwide and in Ireland in recent years. It was long thought of as a genre unworthy of the attention of serious scholarship, but that view has now radically changed. In tandem with developments in child health, psychology, education and so on, children’s literature deservedly receives much more attention now than in the past. A burgeoning critical literature has grown up around creative writing of various kinds for children and teenagers.

Although the Anglophone world leads in this change, Irish language scholars have also addressed the previous neglect in this important literary genre. As far back as 2003, Caoimhe Máirtín published the groundbreaking volume An Máistir: An Scoil agus an Scolaíocht i Litríocht na Gaeilge. Ten years later, Ríona Nic Congáil’s edited volume of essays on literature for young people in Irish, Laethana Gréine agus Oícheanta Sí (2013) followed. The present volume, by two of the most senior scholars of Irish language literature, asks important questions. The editors try to answer them in this volume by providing a selection of excerpts from the broad spectrum covered by the catchall phrase ‘”Irish Language Literature”. Their two principal directions of inquiry comprise the following: What perspectives can be gained from a study of Irish language literature on the experience of childhood in Ireland? And secondly, can any distinctive aspects of childhood be discerned from a survey of Irish language literature?

Léigh an léirmheas ar fad ag https://www.drb.ie/essays/sunny-days-fairy-nights