CIC Logo

Ar Chreag i Lár na Farraige

By Lillis Ó Laoire, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 1902420373  

Tá an táirge seo as cló faoi láthair. Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. ›


Tá an leabhar seo mórchnámhach ina dhéanamh agus móraigeanta ina dhearcadh.
- Cathal Ó Searcaigh

Tír gan teanga, tír gan anam. Sin a deirtear. Agus is fíor freisin a rá gur tír gan anam tír gan cheol. In Éirinn tá an ceol fite fuaite le gach gné den saol againn, agus gan mórán airde tugtha ar an fhíoras seo. Sa saothar spreagúil Ar Chreag i Lár na Farraige ’sí an cheist seo, brí an cheoil, atá faoi chaibidil.

Oileán Thoraí, oileán an rí gan choróin atá ina luí amuigh ó chósta thiar-thuaidh Thír Chonaill. Cé nach mór a achar, is mór an mhaoin cheoil atá neadaithe ann, le traidisiún amhránaíochta atá fós beo agus ina chuid lárnach de shaol an oileán. In Ar Chreag i Lár na Farraige déanann an t-údar scagadh ar chleachtadh na hamhránaíochta i measc phobal an oileán. Déanann sé an cleachtadh sin a shníomh isteach i gcomhthéacs shaol an phobail céanna, ar thóir réiteach na ceiste: Cén bhrí atá leis an cheol?

Tá suas le ochtó grianghraf sa leabhar, agus tá dlúthdhiosca ag dul leis ar a bhfuil idir amhráin agus cheol ón oileán. Tá amhráin ar an CD ó amhránaithe móra Thoraí, leithéidí John Tom Ó Mianáin, Jimí Mhary Bhilí, Teresa Mhic Claifeartaigh agus Éamonn Mac Ruairí. Leabhar údarásach atá in Ar Chreag i Lár na Farraige, agus bíobla úr d’amhránaithe ar fud na tíre agus do lucht an cheoil go gineareálta, a nochtaidh cruinne shaibhir chultúrtha Oileán Thoraigh dóibh. Cuirfidh an bailiúchán seo gliondar ar aon duine a bhfuil ceol ina chroí.

 

Praghas: €25.00