CIC Logo

Art Mac Bionaid: Dánta

By Tomás Ó Fiaich, An Clóchomhar

Tagairt: ISBN 978-1-906883-53-9  


An duine deireanach d'fhilí Oirialla (1793 -1879). Gabhann nótaí, foinsí, foclóirín, gluais a chaitheann solas ar áiteanna agus ar dhaoine agus sampla de pheannaireacht an fhile leis na dánta seo.

Bí ag guí ar na hollaimh stuama a bhí fuaimbhlasta eagnaí binn,
Ó Doirnín agus Mac Cuarta na suáilce is na siollaí grinn,
Is Mac Cumhaigh a bhí á ruaigeadh ag stuaire de chailleach dhaill -
Is nach bhfuair sé faoiseamh uaire nó gur fhuaraigh a chorp i gcill ...

 

Praghas: €25.00