CIC Logo

As Gaineamh

By Coiscéim, Simon Ó Faoláin

Tagairt: 6660012110247  

An ionainn an duine inniu agus an duine inné, nó an daoine éagsúla ar fad iad? Ní labhrann duine i nguth amháin de shíor, ach gach lá athraíonn a ghuth de réir a ghiúmair, an aimsir agus cúinsí eile fad is atáid na rudaí seo san síorchlaochlú laistimpeall air. Sa tslí chéanna, ba chóir go n-athródh an guth fileata de réir ábhair agus mothúchán. Athraíonn an guth sna dánta seo go mear agus an file ag gluaiseacht idir buaireamh, stóinsitheacht agus dóchas,. Siad na príomhthéamaí a thugtar futhu sa chnuasach seo - an tarna cheann ó pheann an Fhaolánaigh - ná nádúr na cuimhne agus an gaol achrannach idir an duine agus an áitreabhaigh eile na cruinne. 

Rugadh Simon Ó Faoláin i mBaile Átha Cliath agus tógadh é in Iarthar Dhuibhneach. Foilsíodh a chuid filíochta i mórchuid irisí. Tá Duais Cholm Cille buaite fé dhó aige. Ghnóthaigh a chéad chnuasach, Anam Madra, Duais Glen Dimplex na Gaeilge agus Duais Eithne agus Rupert Strong. Bhuaigh a chéad dráma, An Poll, Duais Bháitéar Uí Mhaicín Ó Thaibhdhearc na Gaillimhe. Is seandálaí é. 

Praghas: €7.50