CIC Logo

Beathaisnéis a Cúig, 1882-1982

By Diarmuid Breathnach, Máire Ní Mhurchú, An Clóchomhar

Tagairt: 9781903758121  


An cúigiú leabhar i sraith naoi leabhar beathaisnéisí.

Éacht taighde atá sna beathaisnéisí soléite seo ina gcuirtear síos ar bhreis agus 1,800 Gael aitheanta ó 1560 go dtí ár linn féin, daoine a bhí ag saothrú leo i ngort an léinn, na litríochta, na hiriseoireachta, na foclóireachta, na hathbheochana, amhránaithe, bailitheoirí amhrán agus díograiseoirí eile nach iad.

Blúirí eolais as an ngnáth ar fad ar fáil tríd síos sna himleabhair go léir: deirfiúr le hUachtarán Chonradh na Gaeilge a chaith urchar le Mussolini, cuir i gcás; scoláire Gaeilge a raibh a haintín ag siúl amach le Oscar Wilde ach a phós údar Dracula, Bram Stoker, sa deireadh. Cé a mhol ‘conversation lozenges' chun an teanga a chur chun cinn? Nó cérbh é an bearbóir a raibh péire pearóid ón India aige chun beannú do na custaiméirí i nGaeilge?

 

Praghas: €20.00