CIC Logo

Céard a Bhain don Phobamhránaí?

By Seán Ua Cearnaigh, Coiscéim

Tagairt: ISBN 6660012110230  

Tá popghrúpa úr, na hEalaí Fánacha, ag seinm ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain, a gcuid amhrán ag déanamh go hiontach sna cairteacha. Tá Órlaigh Ní Dhuibhir an-bhródúil astu, mar go bhfuil a col ceathrair Nuala ina hamhránaí sa bhanna. Agus nuair a iarrann Nuala uirthi féin a bheith sa ghrúpa, nach uirthi atá an t-áthas!

Is breá le hÓrlaith saol an cheoil, agus baill eile an bhanna - go mór mór Éanna, buachaill deas atá an-tógtha léi. Ach tá rud éigin aisteach ar Nuala agus níl sí cairdiúil le hÓrlaigh mar a bhí riamh. Go deimhin, ní hí an Nuala chéanna ar chor ar bith.

Tá Orlaith ag iarraidh a fháil amach céard atá ar siúl anseo, céard a bhain don phopamhránaí. Scéal aduain dothuigthe atá roimpi, agus eachtra chontúirteach.

Faoin údar: Seán Ua Cearnaigh

As Co. Thiobraid Árann ó dhúchas é Seán Ua Cearnaigh, ach tá cónaí air le fada i gCo. Loch Garman. Chaith sé na blianta mar oifigeach foraoiseachta le Coillte, agus bhí baint aige le Conradh na Gaeilge le fada. Tá sé pósta le Róisín as Co. na hIarmhí, agus tá triúr clainne is triúr garpháistí acu. Tá duaiseanna buaite aige as a chuid leabhar do dhaoine óga. Seo é an deichiú leabhar leis i gcló ag Coiscéim.

Praghas: €7.50