CIC Logo

Comhcheilg sa Chaisleán

By Sáirséal agus Dill

Tagairt: 0862895413  

Caisleán Átha Cliath ag na bligeaird chruthanta a bhí ag cothú mioscaise ann aimsir Pharnell. Caimiléireacht an rialtais in Éirinn in aimsir Pharnell is ábhar don leabhar seo, agus tá faisnéis úrnua agus fíoshuimiúil ann faoin mbealach, neamhscrupallach ar baineadh leas as an tseirbhís phoiblí d'fhonn clú threoraí na hÉireann a mhilleadh. Tá cur síos sa leabhar ar pholaiteoirí agus ardstátseirbhísigh, ar dhlíodóirí, phóilíní, spiairí agus mhionchléirigh - ar an ilfhoireann oifigiúil go léir a bhíodh ag daingniú greim Shasana ar scornach na hÉireann óna bpluais sa Chaisleán. 

Ar cháipéisí príobháideacha W.H. Joyce, Cigire Ceantair san RIC agus Giúistís Cónaitheach, a bunaíodh an cuntas seo, agus is aige a bhí an t-eolas ar an dream atá faoi thrácht. Nuair a cuireadh amach ar pinsean é féin ar deireadh, laghdaíodh a liúntas airgid mar gheall ar gur thóg sé saoire bhreoiteachta 'under circumstances which would not have prevented a zealous officer from doing his duty. Considering the high and trusted position of a Resident Magistrate, who may have to take command of the Police and shoot the people at any time, I should deduct a further 5%...' Ba dheas an dream iad, agus is ríspéisiúil an tuairsic atá anseo orthu. 

Praghas: €10.00