CIC Logo

Coolbáire

By Pádraig Standún, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784441098  

Ocht mbliana déag d’aois atá Lorcán Ó Tuathail, imreoir gairmiúil sacair de bhunadh na hÉireann atá ag cur faoi sa Spáinn ó bhí sé an-óg. Cúl báire cumasach é, a bhíonn ag imirt ar cheann d’fhoirne sóisearacha FC Barcelona. Nuair a fhaigheann sé an deis imirt ar fhoireann na sinsear, tá sé ar mhuin na muice. Ach is é an chúis gur bhog sé go dtí an Spáinn an chéad lá riamh ná go raibh baint ag a athair le cúrsaí coiriúlachta agus drugaí. Agus tá a chuid deartháireacha seisean, coirpigh cheart chruthanta, ag cur an-suim in Lorcán óg agus na deiseanna cearrbhachais a bheidh ann amach anseo chun airgead mór a thuilleamh óna nia óg a bheith ag imirt sacar gairmiúil in La Liga…

Praghas: €10.00