CIC Logo

Corto: Tóraíocht Eile

By Leabhar Breac, Hugo Pratt

Tagairt: 9781909907782  

Úrsceal grafach sa tsraith 'Corto Maltese'. Tá Corto agus an gaiscíoch Cuis ag taisteal san Aibisín, i gCorn na hAfraice. Tugann siad cuairt ar mhuintir Chuis, agus cloiseann siad go bhfuil deartháir Chuis, Rhomah, gafa ag na Críostaithe. Tá sé curtha ina leith siúd gur fhuadaigh sé Fala Mariam, iníon Ras Yaqob, taoiseach ar threibh Chríostaí. Tá cosc ar phósadh idir Críostaithe agus Moslamaigh, agus tá cogadh á bhagairt idir an dá threibh!

Praghas: €7.50