CIC Logo

Cóta an Fhir Mhara

By Seán Ó Brádaigh, Cló Mhaigh Eo, Olivia Golden

Tagairt: 978-1-899922-73-4  

Tarlaíonn coimhlint idir an táilliúir agus an fear mara sa scéal álainn Manannach seo. Réitíonn siad le chéile go pointe ach is ar dhaoine eile a thiteann sé an fhadhb a réiteach.

Buann an mórchroí agus an intinn mhaith ar deireadh. Scéal don am i láthair, gan aon agó, é maisithe go gleoite ag Olivia Golden.

 

Leagan Gaeilge ar sheanscéal Manannach atá i gceist leis an leabhar iontach seo. Tá cultúr agus saibhreas faoi leith ag baint le seanscéalta agus is iontach an smaoineamh iad a thabhairt chun solais athuair.

De bharr a chuid spéise i nGaeilge Oileán Mhanann agus in oidhreacht na tíre sin, shocraigh Seán Ó Brádaigh ar leagan Gaeilge simplí de sheanscéal Manannach a chur ar fáil.

Is cuid lárnach de bhua an leabhair seo na pictúir a ghabhann leis an scéal, go háirithe Taidhgín an Táilliúir, príomhcharachtar an scéil. Ní fhéadfaí íomhá níos oiriúnaí a sholáthar dó. Bua eile atá ag Golden, maisitheoir an leabhair, ná go dtugann sí radharc ó shúile an dá shaol dúinn; feicimid pictiúr amháin agus sinn ag féachaint ón trá amach, agus cuirtear pictiúr eile agus sinn faoin bhfarraige ós ár gcomhair freisin. Cuireann sé seo go mór le tuiscint an léitheora. An t-aon locht amháin atá ann maidir leis an maisiú ná go bhfuil pictiúr amháin ann nach bhfuil go huile is go hiomlán ag aontú leis an scéal, ach maithfimid don mhaisitheoir é seo toisc gur maisiú iontach atá ann i gcoitinne.

Praghas: €9.00