CIC Logo

Cuimhní Cinn

By Sáirséal agus Dill

Tagairt: 0901374768  

Tá an táirge seo as cló faoi láthair. Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. ›

Tá an tOllamh Liam Ó Briain ina fhear inste scéil chomh maith is atá in Éirinn, agus tá scéal anseo aige is fiú a insint. Bhí Liam ina bhall d'Óglaigh na hÉireann ó 1914, agus throid sé le hArm Shaoránach na hÉireann i rith Sheachtain na Cásca. 

Cuntas glinn bríomhar é seo ar imeachtaí na linne sin, cuntas ina bhfuil fírinne, daonnacht agus thar aon rud, greann. Mairfidh sé mar litríocht. Macasamhail atá anseo den chéad eagrán. Ní dearnadh aon athrú ar an téacs. I mBaile Átha Cliath a rugadh Liam Ó Briain. Fuair oideachas i Scoil Uí Chonaill, i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus mar Scoláire Taistil in Ollscoileanna na hEorpa, go mór mór sa Ghearmáin, 1911-14. Ina chúntóir i Roinn na Fraincíse i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, 1914-1916. Ina Ollamh le Teangacha Rómánsacha i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh ó 1917 go dtí gur éirigh sé as, 1958. Ba iarrthóir é in Ard Mhacha Láir in Olltoghchán 1918. Ina phríosúnach i mBéal Feirste 1919-1920, i nGaillimh agus ar an gCurrach, 1920-1921. Bhí sé ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge 1915-1927 agus ina stiúrthóir agus ina aisteoir i dTaidhbhearc na Gaillimhe 1928-1938. D'aistrigh a lán drámaí agus leabhair eile go Gaeilge. Ina Chevalier de la Légion d'Honneur ó 1951. Ba é an chéad chathaoirleach ar an gClub Leabhar. 

 

 

Praghas: €15.00