CIC Logo

Dé Luain

By Sáirséal agus Dill

Tagairt: 9780862890681  

Luan Cásca, 1916, ó dhubh na hoíche go dtí Fógra na Poblachta ag nóin mhór an lae, sin is clár ama agus is cnamha don scéal seo. Ach ar chnámha loma na staire cruthaíonn an t-údar fuil agus feoil na beatha, lorgaíonn sé diamhair na pearsantachta, agus féachann sé le téama an Aiséirí a léiriú sa chiall is domhaine den fhocal. Tá na céadta caractar ann, mór agus mion. Éiríonn siad chugainn as codladh na mblianta agus an Cháisc le gníomhú acu athuair. Dearcaimid an Lá trína súile, téimid leo ag siúl ar shráideanna an Luain, ag caint, ag argóint, ag ithe agus ag ól, ag snámh, ag brionglódeach, ag máirseáil, ag marú, ag díol is ag ceannach, ag fiach, ag breathnú i ndiaidh na gcailíní, ag bloghadh fuinneoga na Cathrach, ag éisteacht le banna ceoil, ag bearradh feasóige, ag dul in eangacha an bháis. Ba shuim leis an údar na fógraí ar na tramanna, na fisin sna siopaí ban, scríbhneoireacht na malrach ar na leaca, an cú ar an sliabh, an lon dubh faoi bhun a nid, an caisearbhán ag brúchtaíl ón bpluda aníos, an babún graosta ag gnúsachtach sa Sú.

 

Is Dún don údar an Baile seo chois Life, samhail de gach baile ar chlár an tsaoil. Mar a chéile dó an Dún, an Town, an Tumulus – tuama ina bhfuil sprid an duine sáinnithe agus an Luan le gníomhú aríß is arís eile nó go mbí an tAiséirí curtha i gcrích.

 

Bhí Ó Tuairisc ina ildánaí liteartha. File, drámadóir, scéalaí, fealsamh, scripteoir, eolaí ar phéintéireacht na hEorpa: fágann gach aon dán acu a rian ar an saga seo. Caitheann sé na scórtha aghaidheanna fidil i gcaitheamh a Luain, ach nuair atá aghaidh fidil an Phiarsaigh á caitheamh aige tugtar faoi deara go labhraíon sé sa chéad phearsa. Agus san aimsir láithreach. 

Praghas: €12.00