CIC Logo

Dóiteoir na Samhna

By Leabhar Breac, Darach Ó Scolaí

Tagairt: 9780898332438  

Scéal fiannaíochta sa tsraith Fionn don aoisghrúpa 8-10 mbliana.

Bliain amháin, ar oíche Shamhna, tháinig fathach go Teamhair agus chuir sé an tArdrí agus an chúirt ar fad a chodladh le ceol draíochta. Nuair a bhí siad ina gcodladh, chaith sé lasair thine as a bhéal agus dhóigh sé cúirt an Ardrí. Tháinig an fathach ar ais bliain i ndiaidh bliana, agus dhóigh sé Teamhair arís agus arís eile. Ní raibh duine ar bith in Éirinn in ann é a stopadh. Ar deireadh, tháinig buachaill go Teamhair a gheall go gcuirfeadh sé deireadh leis an dóiteoir. Fionn mac Cumhaill ab ainm don bhuachaill sin. Tugadh sleá dó, agus chuaigh sé amach san oíche chun pálás an Ardrí a chosaint ar Dhóiteoir na Samhna.

Ag leanacht den leabhar 'An Bradán Feasa', seo é an dara leabhar sa tsraith nua Fionn do léitheoirí óga 8-10 mbliana. Athinsint do Ghaeil óga atá sa tsraith seo, leis an údar agus ealaíontóir Darach Ó Scolaí, ar sheanscéalta móra na Féinne.

"Fíorshnasta.... Gaeilge álainn, ach sothuigthe do na léitheoirí óga." —Meadhbh Ní Eadhra, Gaelscéal

Praghas: €7.50