Tagairt: 978857919165
'Go dtaga tú de do dheoin, go n-imí tú slán agus go bhfága tú i do dhiaidh a bheag nó a mhór dár thug tú leat de shonas.'
Eagrán nua é seo den aistriúchán iomráiteach a rinne Seán Ó Cuirrín ar mhórshaothar uafáis Bram Stoker. Gach braon den bheocht a chuir fear Chluain Tarbh sa bhunscéal, d'aistrigh an Cuirríneach go snasta é sa chlasaic seo a foilsíodh den chéad uair in 1933.
Leagan nuachóirithe é seo atá bunaithe ar an eagrán a réitigh Maolmhaodhóg Ó Ruairc agus a d'fhoilsigh An Gúm in 1997.
Praghas: €10.00