CIC Logo

Éirí Amach na Cásca

By Sáirséal agus Dill

Tagairt: 0862895502  

Déanann an Luimníoch tírghách comóradh ar an Éirí Amach sa dán seo a bhfuil dosaen mír ann. Scríobhadh an dán seo do chomóradh leathchéad bliain an Éirí Amach i 1966. Nuair a rinneadh comóradh cúig bliana is fiche ar an Éirí Amach, ina bhuachaill scoile a bhí an t-údar i Luimneach. Ainmneacha sna leabhair ab ea Pearse, Connolly, Clarke, Daly... Buachaill beo rua, láidir, fial, aerach, ina shuí ar aonbhinse leis ar scoil ab ea Seán Sabhat. 

Lá Coille 1957, maríodh Seán Sabhat i gceann de na ruathair a rinne an tIRA sna Sé Chontae. 

Ansin a bhraith Críostóir Ó Floinn brí scanrúil na híobarttha a dhéanann an té a thugann a anam ar son a chine. Ansin a chuir sé aithne anama ar laochra na Cásca. 

I gcathair Luimní a rugadh Críostóir Ó Floinn um Nollaig 1927. Shaothraigh mar mhúinteoir, mar iriseoir agus mar fheidhmeannach poiblí in Éirinn, agus tréimsí i Sasana. Duaiseanna Oireachtais buaite aige i ngach gné den litríocht. Drámaí, gearrscéalta, úrs¸ealta, scéalta do dhéagóirí agus filíocht scríófa aige i mBéarla agus i nGaeilge. Léiríodh dráma conspóideach dá chuid the Order of Melchizedek ag Féile Amharclainne Átha Cliath 1967. Bunleagan an dráma seo - Cóta Bán Chríost. 

 

 

Praghas: €12.00