CIC Logo

Fabhalscéalta Aesóip

By An tAthair Peadar Ua Laoghaire, Foilseacháin Ábhair Spioradálta

Tagairt: 9781906982652  

Gréagach ab ea Aesóp. Rugadh é timpeall sé chéad bliain roimh Chríost. Daor ab ea é. Mhair sé le linn Sholóin, an tOllamh dlí ba mhó dá raibh ar Ghréagaigh. Insíodh sé na fabhail mar sholaoidí, chun comhairle a leasa a thabhairt do ríthe agus do chumhachtaí na haimsire sin. N'fheadar ach go mbeadh polaiteoirí ár linne in ann ceacht nó dhó a d'fhoghlaim uathu ar mhaithe leis an bpobal. 

Tá na fabhail chéanna á n-insint ó shin anuas i dteangacha agus in urlabhraí an domhain. 

Táthar á n-insint anseo arís i nGaeilge san aistriú¸hán a dhein an tAthair Peadar Ó Laoire (1839-1920) breis is céad bliain ó shin. Bhí an cnuasach sin a d'aistrigh sé ar na leabhair is túisce a chur sé le chéile. Níor sáraíodh é ar chruinneas ná ar bhinneas ná ar fhuinneamh na scéal. 

Bhí ard-bhuíochas tuillte ag an nDochtúir Dómhnall Ó Mathgamhna (1872-1942) i dtaobh a fheabhas a dhein sé eagarthóireacht ar an leabhar seo. Oidhre ar an Athair Peadar ab ea an dochtúir sa mhéid gurb í Gaeilge an Athar Peadar a scríobhadh sé féin. Tá a théacs cóirithe as an nua anseo lena chur ar fáil do ghlúin nua léitheoirí idir óg agus aosta. 

 

Is céimí de chuid Choláiste na Trionóide é Risteárd Mac Annraoi, agus go leor leabhar is aistí leis i gcló. Pléanna cuid díobh le stair phobal na gCaecar in Éirinn, lena mbaineann sé féin, ina measc an leabhar 'I gComharluadar na gCarad' (2002). D'fhoilsigh Coiscéim a chéad chnuasach de litríocht an domhain sa bhliain 2013. Cuireadh an leabhar 'Scéalta ón Rúis: Aistriúcháin agus Aistí ar Mhórscríbhneoirí na Rúise' i gcló ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta (2016). 

 

Praghas: €10.00