CIC Logo

Favela

By Alex Hijmans, Cois Life

Tagairt: 9781901176964  

Cónaíonn Alex Hijmans (Foinse, Nuacht TG4 / RTÉ) i mbruachbhaile bocht, contúirteach sa Bhrasaíl. An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfracach a tugadh mar sclábhaithe chun na Brasaíle ag streachailt leis an saol go laethúil, tá Alex ag iarraidh teacht ar rún mhuintir na háite: conas a éiríonn leo saol sona a chaitheamh in áit atá beo bocht?

' . . . leabhar a mbeidh áit aige i measc na ndírbheathaisnéisí is suimiúla dar scríobhadh riamh i nGaeilge.' - Robert McMillen, Irish News.

Praghas: €18.00