CIC Logo

Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle

By Jürgen Uhlich, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781906882730  

Tá Cathal Ó Háinle, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, aitheanta mar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge ó fuair a pheann a chéad phromhadh leathchéad bliain ó shin.

Ceiliúradh is ea an leabhar seo ar a bhfuil déanta aige do léann na Gaeilge ón am sin i leith - leabhar mór do scoláire mór.

Tá breis is daichead alt ardchaighdeáin ann le saineolaithe ar mhórán chuile ghné de shaíocht na Gaeilge, ó ré na Sean-Ghaeilge anuas go béaloideas ár sinsear agus go litríocht an lae inniu.

Praghas: €40.00