CIC Logo

Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin

By Cló Iar-Chonnacht, Liam Mac Amhlaigh, Caoimhín Mac Giolla Léith

Tagairt: 9781905560813  

Sraith léachtaí atá san imleabhar seo ó chomhdháil a reáchtáladh faoi choimirce fhoireann na Nua-Ghaeilge i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, le comóradh a dhéanamh ar Sheán Ó Ríordáin tríocha bliain i ndiaidh a bháis. Déantar anailís uileghabhálach ar shaothar sárfhile de chuid na haoise seo caite in aistí téagartha ó rogha fhairsing scríbhneoirí.

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €12.00