CIC Logo

Foclóirí agus foclóirithe na Gaeilge

By Cois Life, Liam Mac Amhlaigh

Tagairt: 9781901176834  

Spléachadh ar shaothair foclóireachta na Gaeilge ó Shanasán Uí Chléirigh (1643) go foclóir Néill Uí Dhónaill (1978) atá sa leabhar seo. Tugtar achoimre ar shaol na scoláirí Éireannacha agus idirnáisiúnta a shaothraigh an réimse léinn seo, fearann idirtheangach Gaeilge, Béarla agus Laidin. Léargas ar na foclóirí féin, an cur chuige, an stíl oibre agus an t-ábhar atá iontu atá le fáil sa leabhar. I ngach caibidil tá cur síos ar an bhfoclóir féin agus méid áirithe eolais faoin bhfoclóirí agus faoin gcur le chéile go ginearálta. Tá grianghraif de na foclóirí go léir a luaitear sa leabhar curtha leis an téacs chun blaiseadh níos fearr a thabhairt ar an ábhar.

Praghas: €15.00