CIC Logo

Horrid Henry Dónall Dána: Mallacht an Mhumaí

By Marion Ní Shúilleabháin, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784441692  

Cheithre gearrscéal do dhaoine óga 
Aoisghrúpa: 8 – 12 bliain d’aois 
Feiliúnach don seomra ranga agus le léamh sa mbaile. 

*** 

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baistithe ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross. Tá sraith Dónall Dána / Horrid Henry aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí; Caitlín Ní Chualáin, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Marion Ní Shúilleabháin.

Tá cheithre gearrscéal istigh sa gcnuasach Díoltas agus tá an cnuasach ar cheann de dheich leabhar ar fad atá ar fáil sa tsraith Horrid Henry : Dónall Dána. Is í Marion Ní Shúilleabháin a d’aistrigh Mallacht an Mhumaí go Gaeilge.

Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil. 

Sa gcnuasach seo, is fada le Dónall Dána go n-inseoidh sé dá dheartháir Learaí gan Locht faoi mhallacht an mhumaí, agus é ag iarraidh faitís a chuir air. Ach an bhféadfadh go bhfuil mallacht an mhumaí ar Dhónall é fhéin? Nó cén difríocht atá idir ‘Mamaí’ agus ‘Mumaí’ ar aon chaoi?

Praghas: €8.00

Léirmheas

Leabhar na Seachtaine, Seachtain, 15 Samhain, 2017. Alt le Méabh Ní Thuathaláin.

Tá cúig leabhar eile d'eachtraí Dhónaill Dhána (Horrid Henry na Gaeilge) ar fáil anois, agus iad aistrithe go Gaeilge ag Caitlín Ní Chualáin, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Marion Ní Shúilleabháin.

Diabhailín ceart é Dónall Dana. Is buachaill é gur aoibhinn leis cleasa gránna, uafásacha a imirt.

Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncáil agus ag pinseáil. Is fada le Dónall Dána go n-inseoidh sé dá dhearthair Learaí gan Locht faoi mhallacht an mhumaí agus é ag iarraidh faitíos a chur air. Ach an bhféadfadh go bhfuil mallacht an mhumaí ar Dhónall é féin?

Is í Marion Ní Shúilleabháin a d'aistrigh Mallacht an Mhumaí go Gaeilge. I measc na n-eachtraí dalba nua eile le Dónall atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, tá Teach na dTaibhsí, Díoltas, An Feighlí Linbh agus Boladh Bréan.

Leabhair iad atá feiliúnach don seomra ranga agus le léamh sa bhaile. Sraith leabhar an-cháiliúil é Horrid Henry atá scríofa ag Francesca Simon agus maisithe ag Tony Ross. (Aoisghrúpa 8 - 12 bliain d'aois). Praghas €8.00.