CIC Logo

In Ainm an Athar & Níor Mhaith Linn do Thrioblóid

By Joe Steve Ó Neachtain, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 1905560095  

Tá an táirge seo as cló faoi láthair. Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. ›


Is fada lucht drámaíochta na Gaeilge ag fanacht ar dhráma nua le Joe Steve Ó Neachtain, go háirithe ó d'éirigh chomh maith sin le Níor Mhaith Linn do Thrioblóid roinnt blianta ó shin. Chugaibh, mar sin, an dráma nua In Ainm an Athar, mar a bpléitear cás Liam, nó ‘Wino' mar a thugann sé air féin, fear óg atá tar éis filleadh ar an mbaile tar éis seal a chaitheamh in ionad síciatrach. Is é is cás don dráma an fáth ar cuireadh Wino go ‘teach na ngealt' agus mar a chuaigh agus a théann sé seo i bhfeidhm ar na daoine mórthimpeall air: a mháthair imníoch; a athair, an Sáirsint áitiúil; an sagart, an Canónach, a bhfuil fuath nimhe ina chroí ag Wino dó; agus Andy, spriosán agus leisceoir, ach an t-aon duine a chothaíonn teagmháil cheart dhaonna le Wino. Geallann an t-údar go mbainfidh an dráma nua seo corrscairt gháire amach ach go mbeidh sé chomh dóichí céanna de an deoir a bhogadh faoin tsúil ag duine ar bith gur cás leo an éagóir, an cur i gcéill agus an sciúirseáil a fuair daoine óga in ainm an athar le blianta fada. Agus mar a dúirt an saor cloiche leis an simléar fadó: mura dtarraingeoidh sé deatach, tarraingeoidh sé caint.

 

.

Praghas: €10.00