CIC Logo

Is gearr…

By New Island, Marian Keyes

Tagairt: 9781905494644  

Aistriúchán ar ghearrscéal le Marian Keyes. Ficsean éadrom atá san úrscéilín seo atá feiliúnach d'fhoghlaimeoirí fásta agus bainfidh léitheoirí ginearálta taitneamh as freisin.

Tá Lisa marbh - ach ní thuigeann sí é go fóill. Is ait léi é nuair a dhéanann daoine neamhsuim di agus gan uaithi ach beagán tuisceana. Bhí sí i dtimpiste tar éis an tsaoil! 

An lá dár gcionn agus í istigh ag an obair, castar beirt spiorad uirthi. Seoladh Siobhán agus Séimí chuici leis an drochscéala. Ach níl Lisa réidh le himeacht. Caithfidh sí slán a fhágáil fós.

Tá seantaithí ag Siobhán agus Séimí ar a leithéid. Agus cuidíonn siad le Lisa slán is céad a rá sula n-imíonn sí sall.

Tá an leabhar seo foilsithe ag New Island mar chuid den tsraith Open Door agus is í Máire Nic Mheanman agus Pól Ó Cainín a bhí mar chomhairleoir teanga. 

Praghas: €7.00