CIC Logo

Is Mise do Chara

By Esther Göbl Uí Nualláin, Móinín

Tagairt: 978-0-9564926-4-7  

Is buille mór do Oisín é nuair a bhaintear gortú dá chois sa chluiche leathcheannais sa pheil. An mbeidh ar Laochra Longfoirt cur chun na páirce gan é sa chluiche ceannais? Tá an gortú fisiciúíl dona go leor, ach is measa fós é an beag is fiú a dhéanann deirfiúr Oisín - Ciara - den bhuachaill óg agus den ghortú atá air. Bíonn ar Oisín dul go domhain ann féin féachaint an bhfuil an misneach aige is gá chun teacht slán ar an dá bhuille seo a bhuailtear air.

Tá an misneach, an faitíos, an fhéinmhuinín agus an tuiscint fite fuaite ar a chéile síos tríd sa saothar íogair seo.

Praghas: €8.00