CIC Logo

Jude, Gaeilgeoir Deireanach Charna & Incubus

By Micheál Ó Conghaile, Breandán Ó hEaghra, Caitríona Ní Chonaola, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781905560134  

Tá an táirge seo as cló faoi láthair. Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil. ›


Mar chuid den cheiliúradh 75 bliain ó bunaíodh Taibhdhearc na Gaillimhe fógraíodh Gradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín, comórtas scripteanna do dhráma fada in ómós don scríbhneoir, aisteoir agus drámadóir cáiliúil. Foilsítear anseo trí dhráma ar bronnadh gradam orthu sa chomórtas sin.

Jude is teideal do dhráma nua le Micheál Ó Conghaile, a dhíríonn ar Jude, bean láidir, stuama nach léir mórán taise a bheith ag baint léi. Imríonn sí cos ar bolg ar a muintir, rud a fhágann go bhfuil a caidreamh lena máthair, lena fear céile agus lena hiníon ar an bhfaraor géar. Tá a saol caite aici ag stracadh ar son chearta na mban agus is é a saol baile atá thíos leis, ach is léir go bhfuil rún dorcha ag Jude atá á gríosadh chun gnímh, ualach trom atá á iompar aici le blianta fada. Faightear léargas ríspéisiúil sa dráma ar chaidreamh clainne agus ar chumhacht mhillteach na ceilte. Léirítear sainscileanna an drámadóra sna carachtair agus sna radharcanna inchreidte atá cruthaithe aige, scileanna a tháinig chun solais i gcéaduair ina dhráma Cúigear Chonamara. I léirmheas san Irish Theatre Magazine ar an dráma sin dúradh: ‘Is léir go bhfuil luí ar leith ag Micheál Ó Conghaile leis an drámaíocht agus is nádúrtha fós a chuid scríbhneoireachta don stáitse ná a chuid scríbhneoireachta don phár'.

Gaeilgeoir Deireanach Charna is teideal don chéad dráma ó pheann Bhreandáin Uí Eaghra, agus is léir uaidh go bhfuil drámadóir cumasach nua inár measc. Is é Tommy Gaeilgeoir deireanach Charna agus é ag súil le cuairt ó Aire na Gaeltachta a bhronnfaidh gradam speisialta air. Iomaíocht ghéar atá i ndán do Tommy, áfach, nuair a shoilsítear dúinn go bhfuil an dallamullóg curtha aige ar an bpobal, agus scata carachtar greannmhar, trodach ag cur leis an aicsean!

Incubus le Caitríona Ní Chonaola is teideal don tríú dráma, suite in ospidéal síciatrach. Is í Róisín an carachtar aonarach sa dráma seo, cailín óg atá éadóchasach, í céasta ag tromluithe agus ag strachailt lena cuid fadhbanna intinne. Thug an Irish Times ardmholadh don dráma agus don drámadóir nuair a léiríodh é.

Praghas: €12.00