CIC Logo

Lámh, Lámh Eile

By Alan Titley, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784441807  

‘Ar ghearrliosta Ghradam Love Leabhar Gaeilge sna An Post Irish Book Awards, 2018.

 

An t-atmaisféar ar fheabhas. Trua faoin aimsir.’ 

Met Éireann.

 

‘Níos mó bréaga ann ná in aon tuarsacáil oifigiúil’ 

Breitheamh Ardchúirte gan ainm.

 

‘Nochtadh iontach ar fhir is ar mhná na hÉireann.’

Stoirmí Ní Dhomhnaill

Úrscéal cruabhruite bleachtaireachta. Baineann le hÉirinn na linne, go deimhin ní hea amháin le tír na hÉireann ach le hoileán na hÉireann féin. Ní tharlaíonn aon eachtra ar na hoileáin taobh amuigh den chósta ach tá eachtraí anseo atá suite i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, i gCill Chainnigh, i gContae na Mí, i gCorcaigh, i nGaillimh, i nDoire Cholm Cille agus in áiteanna eile idir eatarthu.

Is é atá sa bhunscéal ná cé leis na lámha? Tagann bean tincéara, nó den lucht siúil anois, go dtí an bleachtaire príobháideach Shamus ag iarraidh air cén duine nó dream a bhain an lámh dá fear céile, agus a bhfuil aici dó i dtaisce i  mbosca bróg. Is gairid go bhfaigheann Shamus amach go bhfuil lámha eile i gceist, lámha a bhaineann le hiarmhairt an chogaidh i dTuaisceart na hÉireann.

Ní foláir dár mbleachtaire an scéal a thaighdeadh siar go bun. Is léir ceangal éigin, dá dhiamhaire é, a bheith idir na lámha a teascadh ó dheas agus ó thuaidh. Is é sin a thugann air camchuaird na tíre a thabhairt ag lorg na fianaise atá uaidh.

Tá an uile rud anseo, bleachtairí ar cuma leo, Gardaí a bhfuil a bpraghas acu (b’fhéidir), Rúisigh le hiomad airgid, lucht siúil barbartha agus béasach, iománaithe ar an gclaí, mná an leanna a thuigeann agus nach dtuigeann, ach thar aon rud eile, léargas ar an taobh sin de shaol na nÉireann nach bhfeictear ach sna cinnlínte.

Ina theannta sin, áfach, tá gearrachaint agus greannchaint agus gráinchaint ar dual don saghas seo litríochta í. Dúirt léitheoir amháin gurb é an t-úrscéal Gaeilge is greannmhaire ó An Béal Bocht é.

Praghas: €12.00 Praghas Anois: €9.60

Léirmheas

Brian Ó Conchubhair, Leabhar na Bliana 2018, Comhar, Nollaig, 2018.

Sliocht as alt le Brian Ó Conchubhair, Comhar, Nollaig 2018:

Leabhar a mbeifear ag trácht air go ceann i bhfad é 'Lámh, Lámh Eile', úrscéal nua Alan Titley. Tá seal ó thug Titley faoi úrscéal comhaimseartha ach seo é agus is tour de force é den tsainstíl Titlíoch.

Leabhair idir lámha, Cathal Póirtéir, Books Ireland, Bealtaine/Meitheamh 2019

Alan Titley is one of the most prolific writers in Ireland with an impressive output in both English and Irish: a column in 'The Irish Times; volumes of criticism and literary journalism; academic monographs; plays for radio and stage; a poetry collection; short-form fiction, novels and a novel in verse. some of his work is erious in its intent and challenging in linguistic richness and style, but he can also write in a humorous way that few other writers can manage. If you have enjoyed Titley's madcap writings, surreal plots and ludic wordplay, then 'Lámh, Lámh Eile' will have you stitches.

The main character is a private detective, retired from the Gardaí. A client arrives with a box containing her husband's severed hand and wants the detective to find him. His investigation leads him to discover another hand, a couple of legs and a head - none of them belonging to the owner of the first hand. As our sleuth chases clues around Ireland, it gives Titley an opportunity to deliver digs at many places and people, to create larger-and-life characters and caricatures, and cast a jaundiced eye on Irish society.

The cover, the narrative style and the plot frame the story within the crime genre popularised by Dashiell Hammett and Raymond Chandler. This Shamus, however, is a comic Irish Sam Spade, who gets in as many digs, puns and literary references as he can. There is a hardly a sentence that doesn't prompt a smile, a laugh or a wince. I met one reader who told me his family were worried as he roared with laughter in his armchair, but another person was put off by the deliberate political incorrectness.

Sliocht as léirmheas le Anna Heussaff, Comhar, Eanáir 2019. https://comhar.ie/iris/

Bhí mé ag súil le 'Lámh, Lámh Eile', úrscéal nua Alan Titley (CIC 018), a léamh. Aoir ar sheánra na bleachtaireachta a bhí geallta - céapar coiriúlachta nó 'crime caper' ina gcuirfí gnásanna na scéalaíochta seo as a riocht ar mhaithe le greann agus le léasanna léargais. Bhí nod le fáil ó theidil na luathchaibidlí go dtiofadh snáthanna ó thraidisiún na Gaeilge i gceist sa scéal: Bean an Fhir Rua, Cabhair Ní Ghoirfead, Béal Feirste Cois Cuain. Bhainfinn sult as líofacht shaibhir shoibealta Ghaeilge an údair; agus bhí mé ag súil freisin le gontacht géarchúiseach san insint ós cuid riachtanach í sin den stíl noir lena dtosaíonn an scéal. Ní hí an ghontacht is túisce a shamhlaítear le stíl Titley, ar ndóigh, ach bhain sé úsáid iontach íogair aisti ina úrscéal 'Gluaiseacht', sa léiriú coscrach a thug sé ar bheirt óg agus iad ar a dteitheadh ón Afraic ar thóir dídine san Eoraip.

Maidir le 'Lámh, Lámh Eile', is bleachtaire den chineál traidisiúnta é Shamus, reacaire an scéil atá cortha den saol ina oifig bheag dhorcha. 'Bhí comhaid os mo chomhair amach ach gan fonn orm iad a thochas ach an oiread lem thóin. Ní raibh fonn orm mo thóin a thochas ach an oiread...'

Tá sé ar tí éalú leis ón oifig ach seo chuige bea na bhfuil a fear céile imithe gan tásc. Níl gach cuid dá fear gan tásc, áfach, óir tugann sí bosca do Shamus a bhfuil leathlámh a fir istigh ann. Tuigimid gan mhoill go mbeidh idir áiféis, uafás agus amhras ár dtionlacan agus sinn i mbun tóraíochta láimhe agus géaga eile ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste, ó Chill Chainnigh go Corcaigh agus tuilleadh.

Turas bóthair atá mar bhunstruchtúr ag an scéal, dáiríre, agus Shamus ag sciolladh is ag feannadh ar bhailte beaga tuaithe na hÉireann is a muintir ar feadh a bhealaigh. Tagann coirpigh éagsúla inár láthair agus an plota á thiubhú acu; ach is minic gur mó spéis an bhleachtaire ina chuid smaointe fánacha féin, san imeartas focal agus sa mhagadh soiniciúil ná sa ghnó fiosraithe atá ar bun. Más mar aoir iar-nua-aoiseach atá amhlaidh, fágann sé easpa teannais sa scéal go rómhinic, agus easpa bleachtaireachta lena chois sin. Go deimhin ó tharla Shamus ar nós cuma liom sách minic faoi cé a rinne pé rud a rinne nó cén fáth, níorbh fhada go raibh m'fhiosracht féin mar léitheoir agus an fonn a bhí orm na leathanaigh a iompú ag imeacht i léig.

Tá greann, géarcúis agus spraoi foclaíochta tríd síos, mar a bheimis ag súil.

(Sliocht as léirmheas le Anna Heussaff, Comhar, Eanáir 2019. Is féidir an léirmheas ar fad a léamh san iris Comhar).

Ní Mise a Rinne É, I Swear, Alan Titley, Comhar, Feabhra 2019

(Sliocht as alt le Alan Titley, Comhar, Feabhra, 2019 https://comhar.ie/iris/)

Seachain go mbeifí ag meascadh suas scríbhneoirí le garlaigh a samhlaíochta a deir Alan Titley sa bhfreagra seo ar an léirmheas a rinne Anna Heussaff an mhí seo caite ar a úrscéal 'Lámh Lámh Eile'.

Ní Mise Shamus. Ní Mise Muireadhach Albanach. Ní mise Goody Glover. Ní mise an Giúdach mná a chuir an Gearmánach fir i ngás an cheatha fholctha in 'Don Bhliain Seo Chugainn in Berlin'. Ná mí mise Paul Lodabo. Ná ní mise na canablaigh in 'Stiall Fhial Feola'. Go deimhin, ní mise aon duine de na mílte daoine gán áireamh atá sna céadta de scéalta atá scríte agam.

Ní mise Shamus. Is bleachtaire príobháideach é san úrscéal agam 'Lámh, Lámh Eile'. Garlach de chuid na samhlaíochta é. "Fógraím uaim é!' más maith libh. Ní mise é, I swear. Nílim ag iarraidh labhairt leis, mise i mbannaí air, ní fhaca mé riamh é. Níor mhaith liom labhairt leis dá gcasfaí orm é oíche dhorcha agus é ag filleadh ó Thigh an Tabhairne.

Ná ní mise Raskalnikov. Mharaigh sé seanbhean ar son a cuid airgid. Go deimhin, ar son conas mar a mhothódh duine tar éis maraithe, agus go díreach ar son duine a mharú. Ach níor mharaigh Dostoievski aon duine. Scríobh sé leabhar mar gheall ar dhuine a dhein duine a mharú. Cá bhfios, b'fhéidir nach bhfuil cead ag duine sin a dhéanamh níos mó? Is é sin, samhlaíocht a bheith aige. Cosc ar shamhlaíocht lasmuigh díot féin. Daoine deasa ar an urlár feasta.

(Sliocht as alt le Alan Titley ón iris Comhar, Feabhra, 2019)