CIC Logo

Le Gean ó Mháirtín

By Rita Kelly, Coiscéim

Tagairt: 6660012210107  

D'fhás comhfhreagras idir Máirín Ó Direáin agus Rita Kelly mar thoradh ar an gcairdeas a d'fhás eatarthu i nGaillimh i 1978.  Bhí Máirtín ann ar feadh bliana mar aoi ag an Ollscoil, agus bhí Rita ann in éineacht lena fear céile Eoghan Ó Tuairisc a bhí i bhfeighil ceardlann scríbhneoireachta san Ollscoil an bhliain chéanna.

Pléann Rita na litreacha anseo agus an léiriú a thugann siad ar dhuine de mhórfhilí na hÉireann.  Cuireann sí ar fáil comhthéacs na litreacha a fuair sí thar tréimhse deich mbliana.  Nochtann sí tuairimí faoi shaol liteartha na linne, agus faoi shaothar Mháirtín. Tugann sí imléargas ar a saol féin le linn na tréimhse sin. Tá séimhe agus tuiscint anseo, tréithe a bhain le Máirtín féin, duine iontach príobháideach a bhí ar a shuaimhneas i gcomhluadr Rita agus ina chuid litreacha chuici.

Is Gaillimheach í Rita Kelly a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla. Tá cáil agus gradaim baint ag a cuid saothar.

Praghas: €10.00